Page:Mo sgeal fein.djvu/76

This page has been validated.
62
Mo sgéal féin

a bheifeá ag an gceann thall de’n drochad, díreach ag ceann slaite an drochaid, d’iompófá isteach i leith do lámha deise agus do raghfá síos cúpla ciscéim staighre nó trí. Ansan do chífeá dorus ar t’ aghaidh amach. Do bhuailfeá an dorus. Do h‑osgalófaí dhuit. Do raghfá isteach sa halla. Do h‑osgalófaí dorus eile dhuit ar do láimh dheis. Do raghfá isteach i seómra. Chífeá ansan istigh rómhat seisear nó mórsheisear garsún ’n‑a suidhe ag bórd agus an maighistir ag ceann an bhúird, iad-san ag foghluim agus an máighistir ’ghá múineadh. Chífeá finneóg ar aghaidh an doruis isteach. D’fhéachfá an fhinneóg san amach agus chífeá, buailte suas le bun na finneóige, an abha, an Solán, ag gabháil thar an bhfinneóig soir, agus isteach fé súilibh an drochaid, go breagh ciúin leathan réidh.

Istigh sa tseómra san, agus mo ghuala chlé leis an bhfinneóig sin, iseadh do leigeas-sa mo shúile an chéad uair riamh ar na trí focalaibh beaga millteacha úd, .i. “hic, haec, hoc.” Ní’l ansan agat ach trí cinn acu, ach tá deich gcinn fichid acu ar fad i ndíchlaonadh an aon fhocailín sin amháin. Tháinig taithíghe mhaith agam ortha ’n‑a dhiaigh san, ach an chéad uair riamh a chuireas chun iad d’fhoghluim, ansúd ar aghaidh na finneóige úd isteach, do bhriseadar mo chroídhe ionam. Dá n‑innstí dhom ar dtúis cad é an bhrígh a bhí leó do gheóbhadh m’ aigne greim éigin ortha; ach níor h‑innseadh. Dob’ ait an raghas múineadh é. Na focail d’á ngabháil ar dtúis do ghlan mheabhair sar a dtugtí aon chaoi do’n bhreitheamhantas ar iad do láimhseáil i n‑aon chor! Agus gur chóir go mbéadh ’fhios ag aoinne go mbéadh aon chiall aige gur b’usa go mór rud a ghlacadh do ghlan mheabhair nuair a tuigtear é ’ná sar a dtuigtear é.