Page:Mo sgeal fein.djvu/86

This page has been proofread.

dh’fheisgint agus iad romham amach ar an bhfionán. Chromas ar an dtalamh fé m’ chosaibh agus am’ thímpal do bhreithniughadh, chómh fada agus d’fhéadas é sa doircheacht, le h-eagla go raighinn amú. Bhí m’ aghaidh, dar liom, lom díreach, síos ar an áit ’n-a raibh ár dtigh féin. Bhíodh an dá ghabhar a d’iaraidh gabháil soir i n-inead gabháil siar ó-dheas i dtreó na h-áite ’n-a raibh ár dtigh, dar liom-sa. Do tánag rómpa agus chasas anoir iad cúpla uair. Fé dheire do ritheadar uaim soir, agus níor fhéadas teacht rómpa go dtí gur chuadar isteach i gclós éigin. Siúd gadhair ag amhstaraigh láithreach. Do leanas na gabhair isteach sa chlós. Bhí dorus an tíghe ar m’ aghaidh amach. Tháinig bean amach. “Cé h-é sin?” ar sise. D’aithnigheas í laithreach. D’innseas di cé ’r bh’ é mé. Cailín de mhuíntir Luasa ab eadh í. Nuair a bhíos ag dul isteach sa chlós san thabharfainn an leabhar gur isteach i gclós Mhichíl Bhreathnaig thoir ar Gleann Daimh a bhíos ag dul. Nuair a chonac an tigh mheasas, bhíos deimhnightheach dé, gur bh’é thigh Mhichíl Bhreathnaig a bhí agam. Nuair a labhair an cailín liom isí céad cheist a tháinig chun m’ aigne ’ná “Cad a thug anso a leith go thigh Mhichíl Bhreathnaig í sin?” I ndiaigh chéile do léirigheadh dom gur bh’ amhlaidh a bhí measgán mearaidhe tar éis teacht orm. Is ag an dá ghabhar a bhí an ceart. Bhíos-sa a d’iaraidh na ngabhar do chomháint as an slígh chóir d’á n-aimhdheóin. Choimeád na gabhair mise ar an slígh chóir dom’ aimhdheóin. D’á dtugadh na gabhair mo shlígh féin dómh-sa an oídhche sin, is siar chun Millín na Móna a thabharfaimís aghaidh, áit a bhí lán an uair sin de phollaibh doimhne uisge. Ní bhéadh aon bhreith againn gan dul isteach i bpoll éigin acu. Gan aon dabht ar domhan do báthfaí mise an oídhche sin mura