Page:Mo sgeal fein.djvu/93

This page has been proofread.

Ba dhóich leat go bfeicfeá Éire go léir ó n-a bhara dá mbéadh an lá glan.”

“Tá sé ana ghlan anois,” arsa mise. “Ní bheidh an ghrian ag dul féi go ceann tamaill. Beidh aimsir ár ndóithin againn chun dul suas go dtí a bhara agus an radharc breagh dh’fheisgint. Téanam ort.”

D’féach sé orm.

“An bhfuil fhios agat,” ar seisean, “cad é an fhaid atá an cnuc san uait anois?”

“Ba dhóich liom,” arsa mise, “go bhfuil sé dhá mhíle go maith uainn.”

“Dhá míle!” ar seisean agus iongnadh air. “Isé méid atá an cnuc san uait anois, a mhic ó,” ar seisean, “’ná deich míle; agus dob’ usa dhuit go mór fiche míle de bhóthar a shiúbhal ’ná an deich míle sin!”

Ní dúbhart a thuille, ach dheineas ceapadh am’ aigne féin. Dúbhart liom féin go n-eireóchainn ana mhoch ar maidin amáireach a bhí chúghainn agus go raghainn go bara an chnuic sin sar a mbéadh Micheál ua Fineagáin as a leabaidh.

Thánamair abhaile. Chuas isteach sa tigh. Bhí seana bhean ag caint istigh agus mheasas go raibh fearg uirthi. Do buaileadh isteach am’ aigne gur doicheal a bhí uirthi romham. Níor leigeas aon rud orm. Do shleamhnuigheas chun an doruis. Níor dheacair dom sleamhnughadh chun an doruis, mar ní rabhas tar éis dul abhfad isteach ó’n ndorus. Chómh luath agus fuaras mé féin ar an dtaobh amuich de’n dorus chuireas an talamh díom! Síos liom chun na glaise agus anonn thar glaise, agus suas, ar an dtaobh theas de’n ghlaise agus de’n bhóthar, chun tíghe mhuintir Thuama. Chómh luath agus tánag isteach sa chlós, siúd trí nó ceathair de ghadharaibh ag amhstaraigh orm. Siúd beirt nó triúr