Page:Quiggin Dialect of Donegal 0197.png

This page has been validated.
197


Riddles.


  1. Is lúgh ná luch,   is aoirde ná each,
    is gile ná gé,   ⁊ bidhidh sé na dhiaidh sin dubh.
                Áirne.
  2. Bidhidh dorsóir carcair cruaidh san chroidhe.
    Ní h-ésin dó-san, bidhidh sé maoth.
    Seasaidh sé san dorus mar bhéidheadh báillidh teann.
    Buailtear asteach é mar bhéidheadh ging.
    Tigidh an pinneóir le n-a pheann.
    Pollaidh ésean fríd a cheann.
    Sciordaidh an gadaidhe ⁊ éirighidh an greann.
                Stopalán an bhuideáil.
  3. Ceathrar na rith,   ceathrar air crith,
    beirt ag deánadh an eólais,   ⁊ lóibín air deireadh.
             Bó.


Catches.


  1. Uisce bog air ghob an chapaill. Cumail go bog mín gob an chapaill.
  2. Is bog an fód é-seo faoi mo dhá chois. Ni buige é ná ’n fód tá láimh leis. Fód bog eadar dhá bhog. Is bug ⁊ is bug é an bogfhód.


Áindrías an Ime.


Bhí Áindrías an Ime na chomhnaidhe i mBaile ui Mún i nGleann an Bhaile Dhuibh. Bu leis Baile ui Mún, áit fiche bó ⁊ tarbh leobhtha. Ghlac an Seónstanach Mór é air scór ceithre chroc dhéag ime do dheánadh air fhichid bó an tSeónstanaigh. Seachtmhain roimhe Shamhain chuaidh an Seónstanach siar ⁊ seacht ngearráin ⁊ péire cliabh air ghach gearrán fá choinne a chuid ime. D’fhiafraigh bean Áindriáis Mhóir de Áindrías, go dé gheánfaidh mé? Tá an t-im ithte agad. D’fhiafraigh Áindrías, bhfuil oiread ime agad a’s gheánfadh sinn aniu? ⁊ dubhairt sise, tá. Nuair d’ith siad a sáith, dubhairt an Seónstanach, a Áindriáis, is cóir duid an solathar do thabhairt domh, ⁊ dubhairt Áindrías, ní’l solathar air bith agam. D’ith mé é uilig. Dubhairt an Seónstanach, a Áindriáis, cuirfidh mé ’un an phríosúin thú. ⁊ dubhairt Áindrías, na cuir, acht cuir chugam na fiche bó bliadhain eile ⁊ bhéarfaidh mé mionna nach n-ithim aon ghreim ime go ceann bliadhna. Rinne siad an margadh. Thoisigh Áindrías ⁊ a bhean ag sábháil an ime. Bhí deich mba(th) aig