Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/105

This page has not been proofread.
89
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

“Dá mbéaḋ ḟios aici é brisfiḋe a croiḋe. Caiṫ- fear, caiṫfear, caiṫfear an sgéal fíor a ċeilt uirri go gcasfar le ċéile iad sna ḃFlaiṫis. An gráḋ diaṁair ḃí ag an mbeirt sin dá ċéile....”

Ḃíomar ag siuḃlóid ar ḃruaċ sruṫláin faoi seo. Ṡeas Áine. Ḃí sí ag féaċaint amaċ róimpi. Ṡíleas féin gur ag féaċaint ar sgeiċ ġil ḃí ar an mbruaċ ḃí sí. Aċt níorḃ eaḋ. Toċt ṫáinic uirri.

“A Ḋia,” ar sise, agus ’sé an ċaoi gur sgiorr na focla uaiṫi dá buiḋeaċas, “a Ḋia,” ar sise, “tá mo ċroiḋe briste.”

D’iarr mé maiṫeaṁnas uirri faoi’n gcaoi do hinnsiġeaḋ sgéal an ḃáis di féin.

“Ní hé sin é,” ar sise, agus ḃí an toċt ṫart, “ní hé sin é, aċt caiṫfiḋ mé cur i gcéill dom féin de ló agus d’oiḋċe go ḃfuil sé beó beaṫuiḋeaċ, go mbíonn sé ag sgríoḃaḋ litreaċa ċugam, go ḃfeic- fead arís gan moill é....”

Stop sí. Ḃí fúm fiafruiġe ḋi cé’n fáṫ go mbéaḋ uirri í féin a ċráḋ ar an dóiġ sin.

“Mara ndéanfaiḋ mé é,” ar sise léiṫi féin, “sgiorrfaiḋ focal beag uaim uair éigin, agus tuigfiḋ an ṁáṫair annsin go raḃamar ag innseaċt na mbréag ar feaḋ an aċair.”

Rug sí ar ġualainn orm.

“Caiṫfiḋ tusa cuidiuġaḋ liom,” ar sise.

“Cé ċaoi?”

“Caiṫfiḋ tú leigint ort féin liomsa i gcoṁnaiḋe go ḃfuil sé beó. Caiṫfiḋ m’oncal é ḋéanaṁ freisin.”

Socruiġeaḋ é sin. Níor laḃair mé féin ná Áine ná an sagart faoi ḃás mic na seanṁná: ċasamar an