Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/106

This page has not been proofread.
90
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

ċainnt ar ḋóiġ go gceapfaḋ aon duine ḃéaḋ ag éisteaċt linn go raiḃ an fear ḃí i gceist againn n-a ṗríosúnaċ ṫall i Sasanaiḃ. Is beag nár ċeapamar triúr é gan mórán aċair....

An ḃeirt ḃan misneaṁail sin! Ċuir siad iongnaḋ orm sul a raiḃ cuid ṁór de’n tsaṁraiḋ ṫart.

Agus nárḃ iongantaċ an saṁraḋ agamsa é! Níor ṡíleas go ḃféadfainn aiṫne ċur ar ḃeirt ḃan go deó mar an aiṫne ċuireas ar an mbeirt sin agus cumann déanta agam le duine aca an duine eile a ṁeallaḋ!

Is minic ṫagaḋ Áine ar ċuairt agam sul a ḃíoḋ an ċéad ṗroinn féin caiṫte agam: focal beag suaraċ éigin deireaḋ an tseanḃean léiṫi ċuireaḋ ag maċtnaṁ í go mbíoḋ sí leaṫċinnte go raiḃ ḟios ag an maṫair go raḃamar ag innseaċt na mbréag di faoi n-a mac, agus go raiḃ sí ag dul i ndonaċt i n-aġaiḋ an lae dá ḃárr.

Naċ ar Áine ḃíod an imniḋe! Ċuireaḋ an ḃeirt againn an sgéal trí n-a ċéile; cuirfiḋe síos go dúṫraċtaċ ar an tseanḃean, ar a mionċainnt nuair luaḋfaiḋe ainm a mic, ar na goṫaiḃ ċuireaḋ sí uirri féin, ar na ceisteannaiḃ ċuireaḋ sí orainn nuair ṫagaḋ an litir ṡeaċtṁaineaṁail—agus ḃíoḋ an ċainnt ar siuḃal eadrainn go gcuirfimís n-a luiġe ar a ċéile, ní aṁáin go raiḃ an ṁáṫair ar an ain- eólas, aċt naċ raiḃ a mac marḃ ar ċor ar biṫ....

Ṡílṫeá ar ċainnt Áine gur ċreid sí féin go raiḃ an fear dá dtug sí gean beó. Is minic ḃain sí geit