Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/111

This page has not been proofread.
95
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

D’ḟéaċas uirri.... ḃfuil aon niḋ ar an saoġal iongantaċ seo níos aistiġe ná bean?

Ar ċaiṫ tú mórán aċair i gcoṁluadar na ndall ariaṁ? An duine ḃíos dall ó ḋúṫċas, nó ó ṫús na hóige féin, ní iompuiġeann sé an t-éadan leat agus é ag cainnt; aċt an té d’eiriġ dall agus aois aige, bíonn sé ag iarraiḋ ḃeiṫ ag féaċaint ort nuair ḃíos imniḋe nó corruġaḋ croiḋe ar biṫ air. Ní ḃíonn an cleaċtaḋ ná an t-eólas ceart aige ar ríoġaċtaiḃ na ndall; ní “ḟeiceann” sé na soillse draoiḋ- eaċta, ná na hiongantais; bíonn leaṫċos leis n-ár saoġal-ne agus an leaṫċos eile ṫall, agus is truaiġ Muire an té atá idir an dá ṡaoġal....

Ní aṁlaiḋ ḃí an sgéal ag an tseanḃean. Ḃí an ḟéaċaint ḋall aici i gceart. Cuma céard ḃéaḋṫá a ráḋ léiṫi, cuma céard ḃéaḋ sí féin a ráḋ leat, ṡílṫeá uirri go raiḃ an t-eólas ceart aici ar ḃealaiġ aiṁréiḋsiġ ríoġaċta na ndall, go “ḃfaca” sí na soillse draoiḋeaċta naċ léir ḋúinn-ne, go raiḃ claiḋe n-a timċeall naċ ḃféadfaiḋe a ṫreasnuġaḋ.

Agus de réir mar ḃí sí ag dul i laige agus i n-ísle-ḃríġ, de réir mar ḃí an fóġṁar ag sleaṁ- nuġaḋ uainn agus aimsir an tseaca agus an ḟuaċta ag druideaḋ linn, is amlaiḋ is mó ḃí an claiḋe seo a ḋul i n-aoirde idir í féin agus an saoġal gnáṫaċ ḃí n-a timċeall. Ṡíl Áine go raiḃ rún aici agus ḃí sí imniḋeaċ faiteaċ gurab é rún ár mbréag é. Ċeapas féin nárḃ é:

“Bean innti féin í,” adeirimse, “níorḃ ḟéidir le