Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/146

This page has not been proofread.
130
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

agus luaiḋe; ioḋail ġogaideaċa ḃolgṁóra ó ṫíorṫaiḃ an Oirṫir; an t-é naċ ḃféadfaḋ rud éigin a ṫoġaḋ as an ḃfuinneóig sin, ná tráċtaḋ sé ċoiḋċe ar ṡean- aimsireaċt. Aċt is san dealḃ mór ḃí i lár na fuinneóige is mó ċuireaḋ Peadar Ó Doṁnaill spéis agus é ar a ṡuaiṁneas ag a ḟuinneóig féin; dealḃ do’n Ḃúdda ḃí annseo, agus ainm Ḃictória bain- ríoġain Ṡasana faoi.

Aċt ṫug Peadar faoi deara gan mórán aċair naċ san mBúdda sin is mó cuireaḋ spéis, aċt i mnaoi óig a ḃíoḋ ag obair ó ṁaidin go hoiḋċe ar ċúl an ḃrait ġlais ḃí ar an ḃfuinneóig. Ní ḃíoḋ le feiceál ó ḟuinneóig Ṗeadair aċt mullaċ a cinn de ġnáṫaċ— folt ciarḋuḃ dualaċ aiṁréiḋ. Uaireannta, ṫarr- aingneaḋ sí an brat glas ar leaṫtaoḃ agus d’ḟéaċaḋ amaċ, agus annsin d’ḟeiceaḋ an fear óg ṫall an dá ṡúil rógaire ag breaṫnuġaḋ air. Na súile agus an folt ciarḋuḃ is mó ṫug Peadar faoi deara i dtosaċ, aċt i ndiaiḋ tamaill d’ḟéadfaḋ sé innseaċt duit, dá dtogróċaḋ sé, go raiḃ éadan fada bán agus srón ḋíreaċ agus ḋá ṗus ar ḋaṫ an ċaora caorṫainn uirri. Lá breáġ gréine sa tseansráid feósaiḋe, agus ċaoċ sé súil uirri; rinne sí gáiriḋ agus ṫarraing an brat glas go tobann—cé’n fáṫ go raiḃ aiṫṁéala ar an ḃfear óg go raiḃ mannt i ndrad an úrḃláiṫ ḃeóḋa d’ḟás i siopa na seandaċta?

Ḃí ḋá ḃuaiḋ ag Peadar naċ mbronntar aċt ar ḃeagán de’n ċineaḋ daonna. Níor casaḋ deáġḟear dílis ariaṁ air nár ṫug gean croiḋe ḋó, cuma cé’n difriḋeaċt ḃéaḋ eatorra i meóin; i dteannta na dúṫraċtaċa soillseaċa seo, ḃí aéreaċt nó buaiḋ