Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/160

This page has not been proofread.
144
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

a ḃféadfaiḋe fear a ḋaoraḋ gan fiaḋnuise? Agus cé’n fiaḋnuise d’ḟéadfaiḋe ḟáġail gan bleaċtairí?

Ḃí a ċoṁḃleaċtairí boḋar aige le tamall. Ḃí sé fadálaċ ó ḋúṫċas, agus ní ṡásóċaḋ aon rud é aċt an sgéal ó ṫús deireaḋ innseaċt do gaċ duine aca agus a ḃreiṫeaṁnas ḟáġail. Ceapaḋ ag an árus i Sráid Ḃrunsuic go raiḃ sé ag eirġe beagán beag éadtrom n-a ċeann. Saoire ḃeag a ḃí uaiḋ.... aċt ní raiḃ ḟios aca go raiḃ ḋá ṡúil Ṗeadair Uí Ḋoṁnaill ġá leanaṁaint de ló agus d’oiḋċe agus tarcuisne ṫar aon tarcuisne dár facṫas i súiliḃ fir ariaṁ ionnta....

Ṫuit an oiḋċe....

B’ḟacṫas dó go raiḃ a ṡeómra lán de ṡúiliḃ. Ṫosuiġeadar ag eirġe suas sa dorċadas gaċ uile áit dá ḃféacfaḋ sé. Tarcuisne is mó ḃí le taḃairt faoi deara sna súiliḃ seo. Ba le daoine éagsaṁla iad uile go léir; súile na bé i siopa na seandaċta; súile a ṁáṫar féin; súile dearḃráṫar leis a cailleaḋ fadó; súile seanṁná ḃíoḋ sa teaċ aca; súile a ṡeanoide sgoile; súile Ṗeadair, súile na n-oifigeaċ a ḋaor é; súile na saiġdiúirí a ċaiṫ é ar maidin; tarcuisne sna súiliḃ uile; gráin ionnta uile; fuaṫ ionnta uile....

Ṫarraing sé siar a ċaṫaoir go raiḃ a ḋruim le balla. Aċt níor eiriġ leis éaluġaḋ ó na súiliḃ niṁneaċa sin. Ḃíodar gaċ uile áit ṫart air. Uaireannta, ní ḟeiceaḋ sé aċt aon dá ṡúil aṁáin, agus na soillsí ag teaċt agus ag imṫeaċt ionnta mar ḃéaḋ i súiliḃ daonna. Ṫiocaḋ buile air annsin, agus d’eiriġeaḋ le n-a bualaḋ le n-a ċaṫaoir, aċt