Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/165

This page has not been proofread.
149
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

siúd ḋóiḃ aċt imṫeaċt uaiḋ ar feaḋ uair a ċluig. Ní ḋéanfaḋ sé aon ḃleaċtaireaċt arís ċoiḋċe. Sgarfaḋ sé leis an saoġal. Ġaḃfaḋ sé isteaċ i mainistir....

Ṫuit an coinneal.

Ċuaiḋ na súile magaṁla seo i n-áirde uaiḋ nuair ṡil sé breiṫ orra.

Ḋruid sé leó arís. Níor imṫiġ siad uaiḋ. D’ḟan siad go socair ag féaċaint isteaċ n-a ṡúiliḃ féin. Súile buile ḃí ionnta anois. A ṡúile buile féin agus iad ag féaċaint air as sgaṫán ḃí croċta ar an mballa....

Leig sé sgread uaṫḃáis. Ḃain piostal as a ṗóca. Ċaiṫ sé ḋá urċar le luas lasraċ....

Nuair a ṫáinic muinntir an tiġe isteaċ, ḃí an rgaṫán n-a mílte míle píosa, agus an G-man féin caiṫte ar an úrlár agus piléar ṫrí n-a ċroiḋe....