Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/170

This page has not been proofread.
154
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

Ní raiḃ sé sásta liom ċor ar biṫ nár ṫugas an ḃean liom.

“Féaċ anois,” ar seisean, “tuige naċ ndeárna tú mar rinne do ḋuine muinntearḋa?”

“Cé aca?”

“An Fear Mór ar ndóiġ—Séamus Seóiġe d’eile?”

“Agus céard tá déanta aigesean?”

“Ṗós sé a ṁ’anam.”

Ḃí iongantas orm. Ḃí mo ḋuine muinntearḋa, an Fear Mór mar tugaḋ air i gcoṁnuiḋe, ḃí sé ṫar leiṫċéad bliaḋain d’aois, agus ceapaḋ ag an saoġal naċ gcuirfiḋe faoi ċuing an ṗósta go deó é.

“Agus deir tú liom go ḃfuil an Fear Mór pósta?”

“Tá. Ṗós sé seaċtṁain nó mar sin i ndiaiḋ na Cásga”

Ḃí a ḃéile caiṫte aige. Ḋearg sé an píopa. Ṫáinic fonn cainnte air.

“Seaċtṁain nó coigċíos nó mar sin ó ṡoin ṗós sé an ċéad uair—”

“An ċéad uair!”

“Seaḋ.”

“Aċt an ċéad ḃean céard d’eiriġ ḋi?” Ċuir sé gail i n-áirde uaiḋ.

“Ḃel, sin rud naċ ḃfuil ḟios ag aon duine. Deir daoine gur fuaduiġeaḋ as an teaċ í faoi ṁeaḋon oiḋċe; gur bean de na siḋe ḃí innti, gur ġoid an Fear Mór uaṫa í, agus go dtáiniceadar n-a sluaiġtiḃ cúpla oiḋċe i ndiaiḋ an ṗósta le n-a fuasgailt.... aċt ár ndóiġ ní ċreidfeaḋ aon duine é sin?”