Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/179

This page has not been proofread.
163
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

Naċ é ḃí dána agus a ṫeaċt faoi sgáṫ na hoiḋċe féin! Caiṫfiḋ sé anġean ḃeiṫ aige ar a ṁnaoi agus cuairt ṫaḃairt uirri agus a ḋul i gcontaḃairt a ċroċta ar a son!

Ḃí cluas orm go gcloisfinn cé’n ḟáilte ṁór ḃéaḋ aici roiṁe. Éad ḃí n-a glór nuair laḃair sí.

“A’ ḃfaca tú í?” ar sise.

Níor laḃair seisean.

“An raiḃ lá maiṫ agat léiṫi?” ar sise, “mór an truaiġ go raiḃ an lá ċoṁ dona sin orraiḃ! Is dóċa nár ḟéad siḃ bualaḋ amaċ ag spaisdeóireaċt le ċéile ċor ar biṫ. Cé’n sórt áit fuair tú ḋi? Boṫán ar ṫaoḃ sléiḃe nó teaċ beag sa mbaile mór? Níor ṫasbáin tú a pictiúr ḋom ariaṁ. Ba ṁór an failliġe é sin. Cé naċ leigfeaḋ sí ḋuit é ḋéanaṁ? Naċ aici atá an smaċt ort!”

An t-éad agus an seirḃe ḃí n-a glór! An ċaoi a nduḃairt sí “naċ aici atá an smaċt ort!” An ḃean éadṁar sin!

“Deirim leat naċ ḃfuil a leiṫéid ann ar ċor ar biṫ,” ars an Fear Mór go doiliġeasaċ, “nár innis mé go minic ḋuit gur cailleaḋ í....”

“Má cailleaḋ í, cár cailleaḋ í? Cár cuireaḋ í? Innis sin dom anois,” agus ṡílṫeá naċ raiḃ súil aici le freagra aċt freagra naċ gcreidfeaḋ sí.

“A Ṗeig....” Ṡílṫeá go raiḃ an Fear Mór go deóraċ.

“Ná taḃair Peig ormsa feasta,” ar sise, “Peig atá ar an ḃean eile,” agus an-éad uirri.

“A Ṁuir... ġéid,” ars an Fear Mór, “ḃeirim mo ṁionn agus mo ṁóid duit naċ ḃfuil a leiṫéid ann,