Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/184

This page has not been proofread.
168
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

sin? An fear boċt! is mór an díol truaiġe é indiu!”

“Aċt an seanḃeiṫeaṁnaċ! Cé’n ceart ḃí aige an dara bean a ṗósaḋ agus an ċéad ḃean gan ṫar mí marḃ? Nár ṁór an náire é sin?”

“Aċt cá ḃfios díḃ,” arsa mise, “gur ṁarḃuiġ sé í?”

D’ḟéaċadar uile go léir orm. Naċ mé ḃí bog!

“Maraċ gur ṁarḃuiġ sé í ár ndóiġ d’innseóċaḋ sé cá ḃfuair sí bás nó cá’r cuireaḋ í?”

Ḃí siad uile go léir cinnte gur ṁarḃuiġ an Fear Mór a ċéad ḃean. Ní raiḃ ag déanaṁ imniḋe ḋóiḃ aċt cé’n ċaoi a ndeárna sé an gníoṁ. An í ḃáṫaḋ rinneaḋ? An é an ċaoi gur ċaiṫ sé í? Nó, an buile ṫobann ṫáinic air san oiḋċe agus gur ṫaċtaiġ sé í? Ḃí Dia iol-ċuṁaċtaċ—sin é an bás uaṫḃásaċ ḃí i ndán do’n ṁnaoi ḃoċt Aige ó ṫus aimsire., agus ní raiḃ san ḃFear Mór aċt an oirnéis. An créatúr! Ba ṁór an truaiġ ḃí aca ḋó. Nár ḃfuras d’aiṫint air cé’n aiṫriġe ḃí ġá ḋéanaṁ aige. An té ḃéaḋ sáṫaċ cruaḋ-ċroiḋeaċ a hainm a luaḋ n-a láṫair naċ ḃfeicfeaḋ sé cé’n croiḋe-ḃrúġaḋ ṫiocfaḋ air. Agus an faitċíos ḃí orra go mbeirfiḋe air, go dtriallfaiḋe é, go gcroċfaiḋe é.... Ní raiḃ aon ḟear ann naċ dtiuḃraḋ a anam féin le n-a ṡáḃáil ó’n oiḋeaḋ sin agus naċ gceapfaḋ go mbéaḋ gníoṁ ionṁolta ġá ḋéanaṁ aige....

Cuireaḋ síos ar an mbainis. Do hinnsiġeaḋ faoi’n gcéad ḃean. Naċ í ḃí láġaċ carṫannaċ! Aċt naċ raiḃ mórán cainnte aici—an ḃean ḃoċt! cár ḃfios naċ raiḃ léargus éigin aici ó Ḋia cé’n bás