Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/187

This page has not been proofread.
171
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

ṫagann fonn troda air níl ort aċt é ḃualaḋ sa gcloigeann....”

Ġluais leó fá ḋéin tiġe an Ḟir Ṁóir agus cosaṁ- laċt coṁraic orra.

Ḃí an Fear Mór i dteannta anois nó ariaṁ. Na ropairí seo le n-a leadraḋ le bataiḃ troma agus dá n-eireóċaḋ leis a anam ṫaḃairt slán uaṫa gan roiṁe aċt an ċroċ!

Ḃí súil le Dia agam naċ mbéaḋ an Fear Mór sa mbaile rómpa. Ní raiḃ.

Ḃuail mé féin isteaċ agus mórṡeisear fear le mo ċois leis an ḃFear Mór a ċosaint ar na cliaṁain.

Ní ṡílim gur eagla ḃí orm nuair ċuaiḋ mé isteaċ mar a raiḃ cliaṁain an Ḟir Ṁóir. Agus ní faitċíos ḃí orm ná sgáṫ aċt corruġaḋ éigin croiḋe nár ainmniġeaḋ go fóill.

Ḃí siad uilig ṫart ar ḃórd nuair ċuaiḋ mé isteaċ; gé ṁór ġá roinnt aca agus cúpla buidéal maiṫ mór de’n ṗoitín ar an gclár. D’ólaḋ fear aca gloine lán, ṡíneaḋ sé an t-áraċ follaṁ ċuig a ḋearḃráṫair, ḋéanaḋ seisean an cleas céadna leis, go ndeaċa an gloine ṫart cúig nó sé d’uairiḃ. De réir mar ḃíoḋ an soiṫeaċ beag ag bórdáil ṫart, ḃíoḋ malaí na gcliaṁain ag dul i méid agus i nduiḃe, ḃíoḋ na súile ḃí fúṫa ag dul i ḃfiaḋántas agus i ngruaim. Istiġ díreaċ i lár buill gaċ súile díḃ ḃí friġid na feirge agus an uilc le feiceál go ró-ṡoiléir, agus méad agus bríġ ag teaċt ann i n-aġaiḋ an noiméid. Ḃí gaċ uile ḋuine de’n ċuideaċtan ró-lán de’n mioscais le focal a ráḋ. Ġeiteaḋ duine aca ó am go ham. Ċuireaḋ an ċuid eile cluas orra fein.