Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/195

This page has not been proofread.
179
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

“’Tá mé beag,” ar seisean, “ceapfar gur bean mé aċt na héadaiġ sin ḃeiṫ orm....”

“Tá ḟios agat féin ċoṁ niṁneaċ is ḃíos i gcoṁ- naiḋe i n-aġaiḋ luċt aċrainn agus eirġe-amaċ; aċt ḃíoḋg rud éigin ’mo ċroiḋe an oiḋċe sin....”

Ní raiḃ an Fear Mór i n-ann innseaċt dom cé’n t-aṫruġaḋ ṫáinic air. Easbaiḋ focal ḃí air. Rug sé ar láiṁ orm go tobann, agus lean dá sgéal:—

“A’ gcreidṫeá é?” ar seisean, “ṫugas na héadaiġ ḋó. Ċuir sé air féin iad annsin ar ṫaoḃ an ḃóṫair. Ní ṡílfeaḋ aon duine gur fear ḃí ann.

“"Ḃfuil ḟios agat céard a ḋéanfas mé?” arsa mise, “tiuḃraiḋ mé abaile tu agus deirfiḋ mé leis an bpobul uilig go ḃfuil mé ṫar éis pósta. Beiḋ bainis againn....”

“Socruiġeaḋ air sin. Tá ḟios agat féin an ċuid eile de’n sgéal.”

Líon an Fear Mór gloine ḋom. Líon sé gloine ḋó féin. Ḃuaileamar an dá ġloine le ċéile.

“Nuair a ṫiocfas “mo ċéad ḃean” aḃaile ó’n Oileán Úr,” ar seisean, “go raiḃ aṫruġaḋ saoġail agus riagaltais againn i nÉirinn.”

D’ḟéaċamar ar a ċéile, agus annsin ṫuig mé go soiléir cé’n t-aṫruġaḋ mór ḃí tar éis ṫeaċt ar ċroiḋe an Ḟir Ṁóir agus gníoṁ contaḃairteaċ ḋéanaṁ ar ṁaiṫe le n-a ṫír.