Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/35

This page has not been proofread.
19
CEÓLTÓIRÍ

an ḟir. Ċuaiḋ seisean ar a ġlúnaiḃ le pé ar biṫ siosgarnac ḃí aice istiġ sa mbláṫ a ċlos. Ṫuit na spéaċláirí gorma dá ṡúiliḃ, agus annsin ċonnaic an ḃean ḃí i ḃfolaċ ar ċúl na sgeiċe an t-uaṫḃás céadna is ċonnaic a mac sgaṫaṁ roiṁe sin, ċonnaic sí súile millte an ḟir ḃí ós a coṁair amaċ....

Leig sí aon ḃéic uaṁain aṁain agus ġread léiṫi sna ḃfáisgiḃ.

Níor ṫáinic iaḃ uirri gur ṡroiċ sí sráid an ḃaile ḃig.

Rinne sí rud aisteaċ annsin. Laḃraḋ faoi go minic n-a ḋiaiḋ sin. Ḃuail sí isteaċ i dteaċ an ṗosta.

“Cé hé an fear mór spéacláraċ ḃíos ag imṫeaċt leis sa gcoill?” ar sise le bean an ṗosta. Aċt ní raiḃ sa gceist sin aċt leiṫ sgéal le ceist eile a ċur. Ḃí aiṫne aici ar Ṗol Duḃ.

Ḃí iongnaḋ ar ḃean an ṗosta: naċ raiḃ aiṫne ag an saoġal Fodlaċ ar Ṗól Duḃ? Duḃairt sí sin.

“Ḃfuil sé dall?” ars an ḃean eile.

“Dall? céard a ḃeireaḋ dall é?”

“Ċeapṫá ar a ṡiuḃal go raiḃ,” arsa bean an dolmáin ġlas-uaiṫne, agus ċas sí ar a sáil, agus d’imṫiġ léiṫi gan cuiṁneaṁ ar íoc ar na stampaiḃ fuair sí.

Ḃí a mac roimpi nuair ċuaiḋ sí aḃaile.

“A Antoine,” ar sise, “ḃfuil aiṫne agat ar Ṗól Duḃ, fear an Tiġe Ṁóir.

Cuireaḋ sgannraḋ ar an stócaċ. Ḃí sé faoi rún gan innseaċt do éinne beó go raiḃ sé mór le Pól Duḃ: cé’n aiṁreas ḃí ar a ṁáṫair? Cé’n t-eólas