Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/66

This page has not been proofread.

Duḃ aċt aon uair aṁáin ann, an uair ṫáinic sé ar ṫóir ruaḋóige tosaiġ ḃeiḋlín—an dtiuḃraḋ sí cuireaḋ ḋó ṫeaċt? An dtiocfaḋ sé dá ḃfuiġeaḋ sé cuireaḋ féin agus ċoṁ minic castaiḋe Antoine leis ar a ṁalairt de ċaoi? Ċeap sí go mb’ḟeárr fanaċt go dtiocfaḋ sé uaiḋ féin....

Ḃí an sgéal ḃí le hinnseaċt ceapṫa aici. Ṫoġ sí gaċ focal go cúramaċ. Ċuir sí i ndiaiḋ ċéile go healaḋanta iad. Laḃair sí ós árd iad agus í léiṫi féin. Ḃain sí cuid de’n niṁ as an gcuid seo de’n sgéal. Ċuir sí briġ agus fuinneaṁ i gcuid eile. An truaiġṁéal i n-uaċtar annseo sa sgéal. Breiṫ- ṫoraiḋeaċt i gcuid eile. Agus ċleaċtuiġ sí an ċainnt leis na tréiṫre seo ṫaḃairt amaċ n-a n-iomlán, gur ċeap sí naċ ḃféadfaḋ aon duine éisteaċt le n-a stáir gan a ráḋ gurab é Pól Duḃ ba ċionntaċ....

Ní fada an t-aċar go ḃfuair sí fail ar an sgéal innseaċt. Deireannaċ san oiḋċe cé ḃuail isteaċ ar an úrlár ċuici, agus a ṡeanḃeiḋlín faoi n-a asgail aċt Pól Duḃ féin.

Agus seo é an fáṫ ḃí aige leis an gcuairt a ṫaḃairt:

Máirt Cásga ḃí ann agus ḃí coinne déanta aige le Antoine leis an oiḋċe a ċaiṫeaṁ ag ceóltóireaċt sa Teaċ Mór. Ḃí gaċ uile ṡórt faoi réir aige— teine ṁaiṫ san ngráta, na dallóga troma ar na fuinneógaiḃ, an lampa árd ar lasaḋ le n-a ais díreaċ mar ḃí an ċéad oiḋċe casaḋ Antoine leis i dtosaċ, na spéacláirí céadna gorma ar a ṡúiliḃ....

Aċt céard ḃí ar an ḃfear óg naċ raiḃ sé ag