Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/68

This page has not been proofread.

anoċt ḃéaḋ fail aici a sgéal féin a noċtaḋ ar a bealaċ féin i láṫair a mic, anoċt sgaoileaḋ sí an snaḋm ḃí ag a ċeangal le n-a bliaḋantaiḃ....

“Briseaḋ an ruaḋóg tosaiġ orm,” ars an dall.

An leiṫsgéal céadna ḃí aige anoċt is ḃí an oiḋċe sin. Aċt ní ḃfuiġeaḋ sé ruaḋóg nuaḋ ó n-a mac anoċt; ní ḃéaḋ oiḋċe ceóil aca le ċéile mar ḃí an oiḋċe úd. Ní ḃéaḋ oiḋċe ceóil aca arís ċoiḋċe....

“Níl Antoine sa mbaile.”

Ġeit sé. Naċ é d’aiṫniġ an glór!

“A Ṁuirġéid,” ar seisean,” naċ ḃfuil sé ṫar am agat maiṫeaḋ ḋom?”

“Ní ṁaiṫfead ċoiḋċe ná go deó.”

Ní aṁáin nár ṁaiṫ sí ḋó aċt ḃí lúṫġáir croiḋe uirri go gcuirfeaḋ a mac ruaig air as an teaċ nuair a ṫiocfaḋ sé agus nuair ċloisfeaḋ sé an sgéal ó n-a béal féin.

Is beag naċ raiḃ sí láġaċ muinntearḋa leis!

“Tá súil agam naċ mbéiḋ Antoine i ḃfad,” ar seisean.

Ní ċeapfaiḋe aċt go mba ṡeanlánaṁain ós cionn na teine iad, agus nárḃ eaḋ freisin ar ḋóiġ? Níor laḃraḋ mórán; ḃí an iomarca aca le ráḋ dá dtosnóċaidís. Eisean ar ṫaoḃ na láiṁe clé; ise ar ṫaoḃ na láiṁe deise; an bórd eatorra agus an lampa ar lasaḋ air; clog beag ar an matal agus gaċ aon tic-tic uaiḋ go míṡásta míḟoiġdeaċ cas cantalaċ. Ṡílṫeá go mbíoḋ Pól Duḃ ag féaċaint ar an gclog sin go ḃfeicfeaḋ sé cé’n t-am é—a ċeól míḃinn ḃí ġá ḃoḋraḋ. Nuair a d’ḟéaċfaḋ sé ar an gclog ar an nós sin, deireaḋ sise: