Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/95

This page has not been proofread.
79
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

air i dtosaċ. Dream fear armṫa ċuaiḋ isteaċ i bpáirc ḃig i lár na caṫraċ i mBaile Áṫa Cliaṫ leis an áit a ġaḃáil le troid a ḋéanaṁ le n-a sean- naiṁde. Ḋíbir siad an pobul uile as an bpáirc. Ṡíleadar go raiḃ sé fúṫá féin ar fad, naċ raiḃ aon duine ann aċt a muinntir féin. Aċt ḃí dul-amuḋa orra. Ag cuartuġaḋ na háite ḋomsa, ṫáinic mé ar ḟear n-a luiġe ar ṡuiḋeaċán n-a ṫrom-ċodlaḋ meisge. Fear meaḋon-aosta ḃí ann; fear saiḋḃir de réir cosaṁalaċta, aċt ba léir ó’n ḃfuil ḃí ar a ḃaiṫis, agus ó’n gclabar ḃí ar a ċuid éadaiġ go raiḃ sé ar a ṡaoire ó’n dtuaiṫ agus naċ ar a leas ḃí sé ġá caiṫeaṁ.

Ḋúisiġeas é.

“Amaċ leat as an bpáirc go beó,” arsa mise.

D’ḟéaċ sé idir an dá ṡúil go míċeadaċ orm. Ḃí fonn troda air.

“Amaċ leat ṫú féin....”

Rugas ar ġualainn air.

“Seo, corruiġ,” arsa mise. Níor ṁaiṫ liom ḃeiṫ ró-ḃorb leis go gcuirfeaḋ sé a ċéad ḋúiseaċt ḋe.

Ṡíl sé mé leagaḋ, truisleóg ṫaḃairt ḋom. B’éigin dom bárr na báiġnéide ṫaḃairt air.

“Marḃḟáisg ort,” ar seisean, “tá gléas troda agus caṫa agam féin,” agus ḃain sé piostal as a ṗóca sul a raiḃ ḟios agam céard ḃí faoi a ḋéanaṁ.

“Anois, má’s fear ṫú,” ar seisean; d’ḟéaċ sé ar mo ċulaiṫ éadaiġ, ar m’éide caṫa, ar mo ċrios agus na piléir ḃí ann, ar an nguna agus ar an mbáiġnéid. Sgríob sé a ċeann. Ċuimil sé na súile. Ḃí a ċéad ḋúiseaċt agus a ḋeireaḋ meisge ġá gcur ḋe aige.