Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/98

This page has not been proofread.
82
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

luaḋas ainm a mic go raiḃ gean millteaċ aici air, ní raiḃ sé de ṁisneaċ agam annsin mo ġeall a ċoiṁ- líonaḋ agus an ḟírinne a ráḋ léiṫi. Is mór an misneaċ ḃéaḋ ag fear a ḃrisfeaḋ croiḋe máṫar....

D’ḟan mé cuid ṁaiṫ de’n tsaṁraiḋ san áit. Ḃí mé ar mo ċoimeád agus níor ḃfearr dom áit a mbéinn go mbéaḋ an tóir ṫart.

Ní raiḃ mé ḋá lá go dtug mé cuairt ar an sagart go nglacfainn coṁairle leis faoi’n ngeall ṫugas do’n ḟear ḃí faoi’n gcré.

Ṁol sé an rud a rinneas.

“Dá n-innseóċṫá go tobann mar sin di é b’ḟéidir go mbrisfiḋe a croiḋe. Deir na doċtúirí go ḃfuil a croiḋe lag ċeana féin,” ar seisean.

“Aċt caiṫfear an sgéal innseaċt di uair eicínt,” arsa mise.

“Is dóca é,” ar seisean, “aċt marḃóċaiḋ sé í.”

Ṫáinic bean óg isteaċ leis an tae agus sinn ag cainnt.

“Éist liom noiméad, a Áine,” ars an sagart.

Ċuir sé i n-aiṫne ḋom í. Inġean dearḃṡúra ḋó b’eaḋ í. Duḃairt an sagart liom mo sgéal a aiṫ- innseaċt.

Rinneas aṁlaiḋ.

D’eiriġ an ḃean óg. Laḃair sí go húġdarásaċ.

“Caiṫfear sgéal an ḃáis sin a ċeilt uirri go deó,” ar sise, “ba áḋḃar báis di féin é ċlos.”

“Aċt caiṫfear é innseaċt di uair eicínt,” ars an sagart.