Page:Seadna.djvu/18

This page has been validated.
14
SÉADNA

nuair a thugais uait í ar son an tSlánuightheóra ni féidir a tairbhe do lot choídhche.”

“Agus,” arsa Séadna, “cad is gádh an mhaith do lot? Ná fuil sé chómh maith agat tairbhe na sgillinge úd d’fhágáil mar atá sé?”

“Tá an iomad cainte agat; an iomad ar fad. Dubhart leat do bheul d’éisteacht. Seo! Siné an sparán ar fad agat,” arsa ’n Fear Dubh.

“Ní h‑éidir, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna, “ná béadh dóithin na h‑aimsire ann. Is ’mó lá i dtrí bliaghnaibh déag. Is mó bróg bhéadh deunta ag duine i gcaitheamh an méid sin aimsire, agus is ’mó cuma ’na n‑oirfeadh sgilling dó.”

“Ná bíodh ceist ort,” arsa ’n Fear Dubh, ag cur smuta gáire as. “Taraing as chómh géar i n‑Éirinn agus is maith leat é. Béidh sé chómh teann an lá déanach agus ’tá sé indiú. Ní bhéidh puínn gnótha agat de as san amach.”

Bhí Séadna sásta.

“Trí bliaghna deug!” ar seisean i n‑a aigne féin. “Agus neart dom tarang as ar mo dhícheal. Chuir sé brígh na mionn orm, ach bheirim-se brígh gach miona agus gach móide dhuit-se, a sparáinín, go mbainfear ceól asat!—Slán beó agat-sa!” ar seisean leis an bhFear nDubh.

D’iompuigh sé ar a sháil chun teacht abhaile, agus ma dh’iompuigh, siúd le n‑a chois an Fear Dubh. Ghéaruigh sé a choisidheacht. Ghéaruigh seisean chómh maith.

“Cad a dhéanfad?” arsa Séadna ’na aigne féin. “Chífid na cómharsain é.”

“Ná bíodh ceist ort,” arsa ’n Fear Dubh. “Ní fheicfidh aoinne mé ach tú féin. Ní foláir dom tú thionnlacan abhaile agus eólus na slíghe do chur, agus