Page:Seadna.djvu/41

This page has been validated.
37
SÉADNA

coimeád do hata, agus gur sholáthruighis an t‑airgead i mball éigin agus go dtugais dom é?” “Cad do dhéinis leis?” arsa Micheál. “Níor dhéineas aon rud leis,” ar sise. “Tá sé anso sa bhosca fós agam.” “Ba mhaith liom é a fheiscint,” arsa Micheál. “Tá sé ansúd,” ar sise, “sgilling agus dá réal agus dá thistiún. Tar i leith,” ar sise, “go bhfeicir féin airís iad.” Do chuadar anonn go dtí an bosca agus d’osgail sí é, agus nuair fheuch sí isteach ann agus a chonaic sí na licíní slinne, d’iompuigh sí ar Mhicheál agus d’fheuch sí air mar fheuchfadh sí ar mhadra uilc. “Seo,” arsa Micheál, ag síneadh an airgid chúici. “Coimeád é!” ar sise. “Agus fág mo thigh! Tá an mac mallachtan ann, agus ionat-sa chómh maith! Sgrios!” Geallaim-se dhuit gur imthigh an bheirt agus dithneas ortha.

Síle.—Ní fheadar cad a dhéin sí leis na cúig licíníbh?

Gobnait.—Ní fheadar, a Shíle. Ach ’sé mo thuairim go bhfuaradar an taobh amuich de dhorus chómh luath leis an mbeirt.

Síle.—Ní leigfeadh eagla dhom mo lámh a chur ortha.

Cáit.—D’airigheas-sa gur dhéin sé gabhar de Thadhg na n‑Ubh.

Gobnait.—Níor dhéin, ach is amhlaidh a chuir sé an sguab ag gabháil air. Chuir sé fhiachaibh ar an sguaib Tadhg a chur amach as an dtigh.

Nóra.—Airiú, conus, a Ghobnait?

Gobnait.—Is amhlaidh a bhíodar go léir, lán an bhaill acu, bailighthe thiar ag tigh Thaidhg na n‑Ubh, agus iad ag imirt cártaí, agus d’eirigh achran éigin eatortha, i dtreó go ndúbhairt Micheál le Tadhg, “Mura n‑éistir do bhéal,” ar seisean, “déanfad gabhar