Page:Seadna.djvu/42

This page has been validated.
38
SÉADNA

díot.” “Ní fhéadfá é,” arsa Tadhg. “D’fhéadfainn,” arsa Micheál. “Ná déin aon dá chuid ded’ dhícheal,” arsa Tadhg. “An mar sin é?” arsa Micheál. “Is mar sin,” arsa Tadhg. “Feiceam anois cad a fhéadfair a dhéanamh.” Tharaing Micheál leabhrín beag dubh amach as a phóca, agus bhí fabharaí dearga ar na billeógaibh aige, agus chrom sé ar é a léigheadh. I gceann tamaill do stad sé, agus d’fheuch sé ar Thadhg. “Ní’l ach aon chontabhairt amháin sa sgeul, a Thaidhg,” ar seisean. “Dá n‑aistireóchadh an ghaoth agus tú ad’ ghabhar, ní fheudfainn tú chasadh thar n‑ais.” “Aidhe, agus a bhitheamhnaigh na croiche duibhe, cad ’na thaobh nár innsis é sin ar dtúis dom?” “Táim ’ghá innsint anois duit, agus ní’l agat ach a rádh liom stad i n‑am.” “Stad, má ’seadh!” arsa Tadhg. “Ní chreidfinn ó’n saoghal go bhféadfá é dhéanamh, ach mar sin féin ní misde liom leigint duit bheith ag imirt do chuid cleas ar dhuine éigin eile.” “Bíodh geall,” arsa Micheál, “go gcuirfidh an sguab an dorus amach tú má deirim-se léi é dhéanamh.” D’fheuch Tadhg ar an sguaib. Bhí sí ’na seasamh i n‑aice an doruis. Sguab bhreagh nua throm do b’eadh í. Gháireadar an chuideachta nuair a airigheadar an focal. “Ní chuirfeá féin amach mé,” arsa Tadhg, “agus is deacair a rádh go gcuirfeá fhiachaibh ar an sguaib rud a dhéanamh ná féadfá féin a dhéanamh.” “Ní chuirfinn féin amach tú,” arsa Micheál. “Agus dá mbéadh bata maith agat ní’l aon cheathrar anso do chuirfeadh amach tú.” (Bhí ainim Thaidhg i n‑áirde le méid a nirt ó’n lá úd a ghabh sé ar an móir-sheisear a lean ó Shráid an Mhuilinn é chun a mharbhtha.) “Ach cuirfead-sa geall leat anois go gcuirfidh an