Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/33

This page has not been proofread.
19
TÁIN BÓ CUAILNGE

AN SÉAṀAḊ RAḊARC.


Rí-ṫeaċ Cruaċna.—Méiḃ agus Oilill.


O.—An dtáinig Mac Roṫ fós, a Ṁéiḃ?

M.—Níor ṫáinig. Ní ró-ḟuirisde teaċt ó Ḋáire.

O.—Ní heaḋ. Fear fial. Fear foġanta. Is mór é onóir Ḋáire ’na ḋúṫaiġ, deirtear náċ beag de ṡeó an raṫ atá ar ṫriúċa céad Cuailnge agus ar Ḋáire féin ó ṫarla an Donn Cuailnge san áit. Is deacair a ráḋ go leogfaid muintir na háite an tarḃ uaṫa.

M.—Ní leó an tarḃ aċ le Dáire féin.

O.—Ní le Connaċtaiḃ an Finn-ḃeannaċ aċ liom-sa agus dá dtiġeaḋ teaċtaireaċt ó Ḋáire ’ġá iaraiḋ ar iasaċt is dóiċ liom gur maiṫ na cáirde síḋe a ḃeaḋ ag an té a ḃéarfaḋ ċun siuḃail é.

M.—Ca ḃfios ná go dtiocfaḋ Dáire agus an Donn i n‑aoinḟeaċt.

O.—Níor ṁeasa a ṫúis ná a ḋeire. Tá breis ṁór agus ár ndóiṫin Ultaċ annso ċeana againn. Ní ḟeadar cad dob áil leat díoḃ. Is cosdasaṁail an ara iad. Rud is measa ná san féin: is contaḃarṫaċ an ara iad. Mara gcurfar cóir ṁaiṫ orṫa millfear ár n‑oineaċ. Má curtar cóir ró ṁaiṫ orṫa beiḋ éad ar ár n‑uaisliḃ féin. Idir Ultaiḃ agus Connaċta ḋóiḃ, táid siad éadṁar, teasaiḋe, tógálaċ, ar gaċ taoḃ. Má eirġean eatarṫa beiḋ droċ-obair againn.

M.—Ní ḟeicean tusa ċoiḋċe, a rí, aċ duḃ an sgéil. Tá mo smaċt-sa ċoṁ daingean san ar Ṁacaiḃ Máġaċ agus ar na slóiġtiḃ atá fúṫa, agus tá