Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/34

This page has not been proofread.
20
TÁIN BÓ CUAILNGE

a leiṫéid sin d’iontaoiḃ agam asta gur cuma liom an doṁan conus a ḋéanfaid Ultaiġ iad féin d’iomċar annso. Dá mbuaileaḋ Ultaċ Connaċtaċ treasna an ḃéil ní baoġal duit go ḃfreagrófaí an buille!

O.—Seaċain, a Ṁéiḃ. Is féidir smaċt do ḃeiṫ ró ḋian. Rud is measa ná san: sgéiḋfiḋ do smaċt do rún. Má ḃuailean Ultaċ Connaċtaċ agus ná freagróċar an buille, cad déarfaid Ultaiġ leis sin? Déarfaid siad go ḃfuil beart ḋoiṁinn éigin agut-sa laistiar de’n smaċt.

M.—Oċón! Is deacair tu ṡásaṁ! Ní ḋéanfaiḋ bainne a’s luċ ann an gnó ḋuit na bainne a’s luċ as!

O.—Ní luċaiġ iad aċ coin ċraosaċa!

M.—Ríogra uaisle, onóraċa is eaḋ iad! Fir is eaḋ iad d’ḟuilingeóċ bás níos túisge ná ḃrisfidís a ḃfocal. Cad a ċuir annso ar dtúis iad? Ní raiḃ bac orṫa fanaṁaint ṫoir ’na ndúṫaiġ féin. Cad a ḋíbir ó n‑a muintir agus ó n‑a ngaolta iad? Ní raiḃ de ḋia beag acu aċ Conċoḃar. Cad fé ndeara ḋóiḃ druim láṁa ṫaḃairt leis agus aġaiḋ do ṫaḃairt ar ḋúṫaiġ iasaċta? Ar ḋúṫaiġ naṁad? Ort-sa agus orm-sa agus ar ċlannaiḃ Máġaċ uile? Ní raiḃ aċ an t‑aon ċúis aṁáin acu leis. Níor ḟéadadar fulang leis an ḃfeall a ḋein Conċoḃar. An té ná fuilingean feall ní ḋéanfaiḋ sé feall.

O.—“An té ná fuilingean feall ní ḋéanfaiḋ sé feall!” Bíoḋ an sgéal go léir agat, a ríogan.

(Imṫiġeas.)

M.—Cad déarfaḋ Oilill anois dá mbeaḋ a ḟios aige cad é an neart atá sa smaċt! Do neósfaḋ