Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/40

This page has not been proofread.
26
TÁIN BÓ CUAILNGE

M.—Cad é an ní eile sin? Is iongantaċ mar a ċíon tú neiṫe náċ féidir le haon duine eilse d’ ḟeisgint!

O.—Nuair a ċífiḋ Fearġus agus Cormac Conloingeas agus a ḃfuil annso agat díoḃ, a ndúṫaiġ féin dá lot, taḃarfaid siad druim láṁa linn. Tógfaid siad páirt le n‑a ngaoltaiḃ agus le n‑a gcáirdiḃ féin, ní náċ loċt orṫa. Ní’l aċ claiḋeaṁ aḋmaid ag Fearġus ó ṫainig sé annso. Má ḃíon sé ag dul i gcaṫ ní foláir an Calaḋċolg do ṫaḃairt dó ṫar n‑ais. Má ṫógan sé páirt le Conċoḃar agus an claiḋeaṁ san d’ iompáil ’nár gcoinniḃ brisfear caṫ láiṫreaċ orainn.

M.—Éist, a rí. Éist! Ní ḟeadraís cad tá agar dá ráḋ. Ní baoġal duit Fearġus. Is fear tréan Fearġus aċ tá rud ná féadfaḋ sé a ḋéanaṁ.

O.—Is dóċa go ḃfuil. Cad é an rud é?

M.—Ní ḟéadfaḋ sé a ḟocal do ḃrise.

O.—Aċ! Baoiṫreaċt! a ’nġín ó.

M.—Ní hiongna liom tu ’ġá ráḋ san, a rí. Ní ṫuigean folaṁ sáiṫeaċ.

O.—Conus san?

M.—Ní ṫuigean t’aigne-se aigne Ḟearġuis. Ní ḟéadfaḋ Fearġus a ḟocal do ḃrise mar ní leogfaḋ an ḟírinne atá istiġ ’na ċroiḋe ḋó é ḋéanaṁ.

O.—Tá go breáġ!

M.—Níor ġá ḋuit an claiḋeaṁ do ṫógaint uaiḋ. An ḟaid a ḃí focal a ḃéil agat dob ḟearra ḋuit an Calaḋċolg aige ná uaiḋ.

O.—B’ ḟéidir é. Mar sin féin is mór an suaineas liom ar m’ aigne an claiḋeaṁ do ḃeiṫ agam féin. Cad é an díoġḃáil dom a ḟocal agus a ċlaiḋeaṁ do ḃeiṫ i n‑aoinḟeaċt agam?

M.—Ní haon tairḃe ḋom ḃeiṫ leat!