Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/42

This page has not been proofread.
28
TÁIN BÓ CUAILNGE

Leagfar an réim ċlú! Fágfar Eaṁain ’na huaigneas agat, a Ċonċoḃair! Fágfar an ċúige sin Ulaḋ ’na dearg-ḟásaċ! Is mairg duit nár sgaoil ṫart inġean Eoċaiḋ! Ḋeinis do ṗas magaiḋ fúiṫi! Tiocfaiḋ an magaḋ ’na ḋáríriḃ ċuġat! Ní sgarfaiḋ sí leat go gcuiriḋ sí do ġnúis le grean agus a cos ar ċúl do ċinn!

O.—An fear boċt! Is truaġ gan a ḟios aige cad tá ċuige. Dá mbeaḋ a ḟios aige cad tá ċuige ní ḟanfaḋ sé leat. D’imṫeóċ sé a hÉirinn, ní heaḋ aċ as an saoġal, níos túisge ná ḟanfaḋ sé le n‑a leiṫéid de ċor do ṫaḃairt air.

M.—Bíoḋ do ṡult agat, a rí. Beiḋ mo ḋíoġaltas agam-sa. Dá mb’ é Impire na Róṁa é bainfear an t‑uaiḃreas dé!

O.—Ambasa, a Ṁéiḃ, ní fėicim a ṁalairt d’ ḟuadar fút.



AN DARA RAḊARC.


Méiḃ agus a draoi.


M.—Ṫánag a d’iaraiḋ feasa agus fáisdine ort, a ḋraoi.

D.—Abair linn an toisg a ṫug tu, a ríogan.

M.—Tá cruinniġṫe agam annso ar aon láṫair, idir ċeiṫre áṫa Ṁuiġe hAoi, breis agus céad míle fear armṫa. Táid slóiġte Connaċt ann agus ċeiṫre rí-ḟéinne déag ’na mbun, na seaċt Maine agus seaċt Maca Máġaċ. Táid slóiġte Muṁan ann fé Ċú Raoi mac Dáire agus fé ḋá rí ḋéag