Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/67

This page has not been proofread.
53
TÁIN BÓ CUAILNGE

ar ṁaiṫe le Conċoḃar a coimeádaḋ uait fios an ġéar-ṁeanmna sin. Nuair a ḃeid cáirde síḋe Ċú Ċulainn ag caḃrú leis sa lá éigin seo atá ag teaċt anois air, agus nuair a ḃeid na mílte d’ ḟearaiḃ Éirean ag tuitim le neart ná claoiḋtear le faoḃar, ná habair-se, a ríogan, gur ḋein Fearġus feall ar ḟearaiḃ Éirean, ’ġá sgaoile gan foláraṁ i ngleic le coṁaċtaiḃ do-ṁarḃṫa síḋe.

M.—Tuig-se id’ aigne, a Ṁic Róiġ, ná fuil ár mór-ṡluaġ gan caḃair agus comairce ó ċoṁaċtaiḃ uaisle síḋe atá ċoṁ dílis agus ċoṁ do-ċlaoiḋte leis na coṁaċtaiḃ is fearr ḟéadfaḋ a ḃeiṫ ag an gCú Ċulainn sin a deirir-se, agus tuig id’ aigne, leis, go sloigfiḋ an talaṁ an Cú Ċulainn sin nó go ḃfaġad-sa raḋarc air.

Fearġus.—Ní’l agam le ráḋ, a ríogan, aċ ná habarṫar nár ṫugas foláraṁ uaim.

M.—Ṫugais. Ṁeasais sgeón a ċur i n‑ár muintir roiṁ aon laoċ aṁáin! Ná déiniḋ-se, a uaisle, iomad suime de ċaint Ḟearġuis. Dá n‑innsinn m’ aigne déarfaḋ sé gur feall a ḃeaḋ agam dá ċur ’na leiṫ. Aċ, ní náċ iongna, is mó aige an dalta beag so leis féin ná aoinne eile do laoċra Éirean. Is mór ag Fearġus Cú Ċulainn aċ ní ró ṁór agam-sa é. Is mór ag Fearġus cáirde síḋe a ḋaltáin aċ ní’l a ḟios ag Fearġus gur naṁaid do Ċú Ċulainn an Ṁórríoġan! Ní ċuirim-se feall i leiṫ Ḟearġuis. Ní ċuirim ’na leiṫ aċ díṫ eóluis. Ṁeas sé sgeón a ċur ionainn go léir le crann-taḃail Ċú Ċulainn agus le n‑a ċáirdiḃ síḋe. Ní daoine sinne ċun sgeón do ġlacaḋ ó árd-ṁolaḋ Ḟearġuis ar a ḋalta ḃeag! Gluaisiḋ, a ríogra. Táimíd ag bogaḋ soir ó