Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/72

This page has not been proofread.
58
TÁIN BÓ CUAILNGE

AN NAOṀAḊ RAḊARC.


An sliaḃ.—Tig triúr de’n tsluaġ isteaċ, agus anairt puible acu.


Fear acu.—Duḃraḋ liom go raiḃ coill annso. Má tá ba ċóir go ḃféadfaimís foiṫin d’ ḟaġáil inti. Ní ḟeaca riaṁ sneaċta ag tuitim ċoṁ tiuġ. Má leanan sé ag cur ṡneaċtaiḋ do’n réir seo múċfar an saoġal.

Fear eile.—Leog dom féin, a ḋuine. Ní hag cur ṡneaċtaiḋ atá sé aċ an sneaċta ag teaċt anuas i n‑aon ḃróin aṁáin!

Fear eile.—Deirim leat má leanan an obair seo go maidin go mbeiḋ sgéal nua ag daoine. Ní ḃeiḋ cnoc ná gleann le feiscint, aċ an dúṫaiġ i n‑aon ċlár ġeal aṁáin, díreaċ mar a ḃí fadó nuair a ḃí an sneaċta mór ann.

An ċéad Ḟear.—Má ṫagan gaoiṫ agus cáṫaḋ beiḋ an sgéal go holc againn.

An dara fear.—Cad ’na ṫaoḃ gur hiompuiġeaḋ mar seo siar sinn arís?

An tríoṁaḋ fear.—D’ airiġeas‑sa gur b’ aṁlaiḋ atá Conċoḃar roṁainn ar an sliġe lastair, agus mór-ṡluaġ Ultaċ aige, agus go nduḃairt Oilill nár ċeart caṫ a ṫaḃairt dó go maidin.

An ċéad ḟear.—Ní hé sin d’ airiġeas‑sa aċ gur b’aṁlaiḋ a ċuir Cú Ċulainn Luġ mac Eiṫleann agus a ṡluaġ síḋe ar an mbóṫar roiṁe Ṁéiḃ agus go mb’ éigean di casaḋ.

An dara f.—Ní ċreidfinn focal de. Is mó na coṁaċta atá ag Cú Raoi mac Dáire ná ag Cú Ċulainn,