Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/81

This page has not been proofread.
67
TÁIN BÓ CUAILNGE

AN T‑AONṀAḊ RAḊARC DÉAG.


Fearġus agus Oilill agus na seaċt Maine agus seaċt mic Máġaċ, i ḃfoċair a ċéile. Tig Méiḃ isteaċ.


Méiḃ.—Cad é seo ar siuḃal annso! Cad a ṫug annso siḃ, a ríġṫe? Ċeapas go raiḃ gaċ rí agaiḃ i mbun a ṫríoċa céad.

Fearġus.—An ḃeirt úd a cuireaḋ ag déanaṁ an eóluis im’ inead-sa, ḃíodar féin agus a n‑araí roṁainn amaċ agus níor ṁoṫuiġeamair ní go ḃfeacamair a n‑eaċra ag fille orainn agus a srianta casta ar a gcluasaiḃ agus ḋá ċorp gan ċeann, ag sile fola asta, ins gaċ carbad.

O.—Ní foláir nó tá an naṁaid buailte linn. Is aṁlaiḋ a ṫeangṁaiġ an ceaṫrar so le trom-ṡluaġ. Mara mbeaḋ gur b’ aṁlaiḋ, ṫiocfaḋ duine éigin acu ṫar n‑ais beó ċun foláraiṁ a ṫaḃairt dúinn.

M.—Cad ba ġá dó ṁór-ṡluaġ na cuirp agus na capail do leogaint ṫar n‑ais ċuġainn ag taḃairt foláraiṁ duinn?

O.—Is fíor é sin. Dá mbeaḋ trom-ṡluaġ ann dob é a mbuac gan an foláraṁ a ṫaḃairt dúinn. Dob é a mbuac gaċ ní do ċeilt orainn agus gan aon ḟios a ṫaḃairt dúinn ar iad do ḃeiṫ ann go dtí go dtiocfaḋ leó buille tiubaisteaċ a ḃualaḋ. Is deacair an sgéal do ṫuisgint. Má ’s gearraḃuiḋean atá ann agus iad ’na luiġe roṁainn i gceilg, do ċuirfidís na capail agus na cuirp isteaċ san eadarnaiḋ atá ollaṁ acu ḋúinn. Do ċuir-