Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/66

This page has not been proofread.

58

tóċaḋ béile uaiḋ go ceann ráiṫe ḃí an oiread sin iṫte aige.

Ċaiṫ an Búrla an beiṫiḋeaċ beag a ṁarḃaiġ sé féin ag cosaiḃ an tsean leoṁain. Leag seisean srón air, aċt sin a rinne sé. Níor ḃlas sé ḋe. Níor biaḋ ḋó é. Ṫáinig múisíam ar an mBúrla nár blasaḋ de’n ḃiaḋ d’eiriġ leis féin ṫaḃairt aḃa le. Ba ṁór an masla é. Is beag nár ḃris a ġol air. Amaċ leis, ar eagla go ḃfeicfiḋe a ċorra ġṫe is ḃí sé, agus cé d’ḟeiceaḋ sé n-a suiḋe ag béal na pluaise aċt a dearḃṡúir agus í ag déanaṁ fleisg de noiníniḃ, le solus na gcruṁ lóċranaċ ḃí bailiġṫe ag béal na pluaise.

Ḃuail sé faoi ar an talaṁ n-a haice, agus ó ḃí olc air níor ṫaiṫniġ an obair ḃí ar siuḃal aici leis. Ní ḋeárna sé aċt an fleasg ḃí beagnaċ fiġte aice a ṫarraing uaiṫe agus a réabaḋ ó ċéile uirṫi Má ṫarraing agus má réab, fuair sé leadraḋ maiṫ mar luaċ saoṫair uaiṫi.

Ba ṁó an gean ḃí aige ar Ṁáire de ḃárr na bpalltóg ṫug sí ḋó, agus an beagánín beag cainnte ḃí fágṫa aige ṫáinig sé ar ais ċuige go breáġ. Ċaiṫ sé a ḋá láiṁ timċeall ar ṁuineál a ḋearḃṡúra agus ṫosaiġ air ag innséaċt dí nár ṫaiṫniġ na leoṁain leis, go raiḃ gráin aige ar Ḋeaideó, go raiḃ faoi éaluġaḋ uaṫa, go raċaḋ sé aḃaile ċuig a ṁáṫair agus go n-innseóċaḋ sé ḋí naċ mbíoḋ Máire mór leis, agus annsin. “Sáiṫfear isteaċ i bpoll dorċa ṫú,” ar seisean, “agus beiḋ tú gan biaḋ gan solus le do ṡaoġal.”

Níor ċuir an Búrla an oiread sin focal i ndiaiḋ a céile ó d’ḟágadar an Ḃrídeóg agus ba mór an luṫġáir ṫáinig ar Ṁáire iad a ċlos uaiḋ. Coṁairliġeaḋ ḋi ar ḟágáil na Brídeóige ḋóiḃ sna daḃaiġ máiṫreaċt ḋeanaṁ ḋó, aċt níor eiriġ léiṫi aċt go dona. Ba ṁor an gar naċ raiḃ a urlaḃra caillte ar fad aige!

Ṡíl sí a ṫuilleaḋ cainnte ḃaint as aċt ṫeip uirṫi glan. Ba ṁó an tsuim ḃí aige sna cruiṁ solusṁara ḃí timċeall orṫa ná i mbriaṫraiḃ Ṁáire. Níor ḟéad sí siolla eile ḃaint as. Ní uirṫi ḃí a áird ba ċosaṁail