Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/76

This page has not been proofread.

68

XXX.

Ar ṡroiċint béal pluaise na leoṁan do’n ḃeirt, ċonnacadar an seanleoṁan agus an t-ál n-a seasaṁ ar an bplasóig agus goṫa troda orṫa. Is rí-ḃeag ṡílfiḋe ar Ḋeaideó naċ raiḃ na fiacla agus na hiongnaċa go teann aige. Ḃí a iarball agus a ṁong ṁór lomraċ n-a gcolg-ṡeasaṁ agus loinnir niṁneaċ n-a ḋá ṡúil.

Ní raiḃ aon náṁa le feiceál ag na páisdíḃ; aċt ní ró-ḟada go ḃfacadar ḋá ṁoncaiġ ḃeaga, de ċloinn na ngormṡrón, i n-áirde san eiḋean a ḃí ag fás i sgailpea- ċaiḃ na haille ḃí ós cionn béil pluaise na leoṁan. Ḃí droċ ċosaṁl ct orṫa, féaċaint niṁneaċ urċóideaċ, agus iad ag iarraid cloċ ṁór a ḃí i n-éadan na haille a sgaoileaḋ anuas ar ṁullaċ na leoṁan.

Ċonnaic Máire Ḃáin cé’n ċontaḃairt ṁór n-a raiḃ a seanċáirde, rud nárḃ eól dóiḃ féin, mar ḃiodar ró- ċorruiġṫe, agus ní túisge ċonnaic ná rug sí ar an gcranntaḃaill. Fuair an Búrla ċloċ ḋi agus sgaoil sí faoi’n ṁoncaiġ í.

I ngreim sgeiċe le n-a iarball ċruaiḋ teann ḃí an moncaiġ ba ṁó díoḃ, agus a ċeann agus a ċosaiḃ ar sileaḋ leis, agus é ar a ḋiċeall ag iarraiḋ an ċloċ ṁór a ḃogaḋ le n-a láṁaiḃ agus le n-a ċosaiḃ. Aċt ní hí an ċloċ a ṫáinig anuas le fánaiḋ na haille aċt an moncaiġ féin! Nuair d’aṁsuiġeaḋ san iarball é, sgaoileaḋ an greim ḃí aige ar an sgeiċ, agus siúd anuas é ar ṁullaċ na leoṁan.

Ní ḟaca tú ariaṁ aċt an t-iongnaḋ ṫáinig ar Ḋeaideó nuair ċonnaic sé an náṁa ag tuitim anuas. Leaṫ an béal air, agus maraċ go raiḃ a ṁuinntir ar a ċúl, maraċ go raiḃ sé féin i dtosaċ an ċoṁraic is cinnte go mbéaḋ a rún aca. An beiṫiḋeaċ boċt! Ní ḟaca sé Máire Ḃán ná an Búrla ag teaċt, agus ní ḟaca sé an t-urċar ġá ċaiṫeaṁ. Ċeap sé gur cleas de ċleasaiḃ na cloinne moncaiġ é, agus ḃí cineál eagla air druid-