Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/79

This page has not been proofread.

71

Ḃí an sgéal dona go leór aca ’s a ċeapaḋ gur ar seaċrán san ḃforáois ḋuaiḃsiġ ḃí an Búrla boċt: ḃéidís go cráiḋte ar fad dá mbeaḋ a ḟios aca gurḃ é an ċaoi gur fuaduiġeaḋ ċun bealaiġ é, gurḃ é an ċaoi go dtáinig naoi moncaiġ srónġorm air i nganḟios agus gur sguabadar leó é!

An Búrla boċt bídeaċ!


XXXI.

D’imṫiġ Máire Ḃán léiṫi ṫríd an gcoill ḋorċa uaigniġ. Faoi ṁeaḋon lae casaḋ loċán gléigeal solusṁar léiṫi san tsliġe, agus ó ḃí tuirse ag teaċt uirṫi agus teas mór sa ngréin, ṡil sí go mb’ḟeárr di na cosa a ṫumaḋ san uisge.

Ḃí an bruaċ árd agus níor eiriġ léiṫi na cosa a ṫumad agus a ḟuaraḋ san loċán, aċt ṡín sí í féin ar ċarraig ḃí coṁgaraċ do’n uisge, agus ṡáiṫ sí a ḋá láiṁ isteaċ sa loċán ġeal.

Ċonnaic sí geárrċaile eile ṫíos uaiṫi san uisge. Ṫaiṫniġ dealḃ agus déanaṁ na geárrċaile seo léiṫi- Ċuir a háilne aoiḃneas ar a croiḋe. Ṫáinig meangaḋ gáiriḋ ar a béal. Ṫáinig meangaḋ ar ġirrsiġ an loċáin mar an gcéadna. Ḃíodar ag eirġe an-ṁór le ċéile!

Níor ċuíṁniġ Máire Ḃán gur uirṫi féin ḃí sí ag féaċaint ḃí sé ċoṁ fada sin ó ċonnaic sí sgaṫan ná tada dá ṡórt ċeana, aċt nuair ċuiṁniġ, agus nuair ṫuig sí gurḃ é a dealḃ féin ċuir an t-aoiḃneas uirṫi ba ṁóide a luṫġáir.

Ní bréag a ráḋ gur ċaiṫ sí tamall maiṫ fada ar an gcarraig ag molaḋ a háilneaċta féin.

Ḃí fleaḋ ṁór ag ainṁiḋe éigin i n-aice an loċáin tamall roiṁe seo. Péacóga ioldaṫaċa agus pearóidí sgiaṁaċa an biaḋ ḃí aige ba ċosaṁail, mar ḃí mór- ċuid clúṁ agus cleiteaċa timċeall ar an áit.

Ṫoġ Máire Ḃán cleite ḟada ġlas, agus ḋeasaiġ sí i n-áirde n-a ḟolt é, agus ó ṫaiṫniġ sé léiṫi go mór, ḃailiġ sí ċuici na cleiteaċa ba ḋaiṫte agus ba ṁó,