Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 1
[ 5 ]
SÉADNA.




CAIBIDIOL A H‑AON.

Cois na teine. Peig, Nóra, Gobnait, Síle bheag, agus Cáit Ní Bhuachalla.




Nóra.—A Pheig, inis sgeul dúinn.

Peig.—B’ait liom san! Inis féin sgeul.

Gobnait.—Ní’l aon mhaith inti, a Pheig. B’fhearr linn do sgeul-sa.

Síle.—Déin, a Pheig. Béimíd ana shocair.

Peig.—Nach maith nár fhanais socair aréir, nuair a bhí “Madra na n‑Ocht gCos” agam dá innsint!

Síle.—Mar sin ní stadfadh Cáit Ní Bhuachalla ach am’ priocadh.

Cáit.—Thugais d’éitheach! Ní rabhas-sa ad’ phriocadh, a chaillichín!

Gobnait.—Ná bac í féin, a Cháit. Ní raibh aoinne ’ghá priocadh ach í ’ghá leigint uirthi.

Síle.—Do bhí, astóin; agus mura mbéadh go raibh, ní liúghfainn.

Nóra.—Abair le Peig ná liúghfair anois, a Shíle, agus ’neósaidh sí sgeul dúinn.

Síle.—Ní liúghfad, a Pheig, pé rud a imtheóchaidh orm.

[ 6 ]Peig.—Má’s eadh, suigh anso am’ aice, i dtreó ná féadfaidh aoinne thú phriocadh a gan fhios dom.

Cáit.—Bíodh geall go bpriocfaidh an cat í. A thoice bhig, bhéadh sgeul breagh againn mura mbéadh tú féin agus do chuid liúighríghe.

Gobnait.—Éist, a Cháit, nó cuirfir ag gol í, agus béimíd gan sgeul. Má curtar fearg ar Pheig ní ’neósaidh sí aon sgeul anocht. ’Seadh anois, a Pheig, tá gach aoinne ciúin ag brath ar sgeul uait.

Peig.—Bhí fear ann fad ó agus isé ainim a bhí air ’ná Séadna. Gréasaidhe b’eadh é. Bhí tigh beag deas clúthmhar aige ag bun cnuic, ar thaobh na fothana. Bhí cathaoir shúgáin aige do dhéin sé féin dó féin, agus ba ghnáth leis suidhe inti um thráthnóna, nuair a bhíodh obair an lae críochnuighthe, agus nuair a shuidheadh sé inti bhíodh sé ar a shástacht. Bhí mealbhóg mine aige ar crochadh i n‑aice na teine, agus anois agus airís chuireadh sé a lámh inti agus thógadh sé lán a dhoirn de’n mhin, agus bhíodh sé ’ghá cogaint ar a shuaimhneas. Bhí crann ubhall ag fás ar an dtaobh amuich de dhorus aige, agus nuair a bhíodh tart air ó bheith ag cogaint na mine, chuireadh sé lámh sa chrann san agus thógadh sé ceann des na h‑ubhlaibh, agus d’itheadh sé é.

Síle.—Ó, a thiarcais, a Pheig, nár dheas é!

Peig.—Ciacu an chathaoir nó an mhin nó an t‑ubhall ba dheas?

Síle.—An t‑ubhall, gan amhras!

Cáit.—B’fhearr liom-sa an mhin. Ní bhainfeadh an t‑ubhall an t‑ocras de dhuine.

Gobnait.—B’fhearr liom-sa an chathaoir, agus chuirfinn Peig ’na suidhe inti, ag innsint na sgeul.

Peig.—Is maith chun plámáis tú, a Ghobnait.

[ 7 ]Gobnait.—Is fearr chun na sgeul tusa, a Pheig. Conus d’imthigh le Séadna?

Peig.—Lá d’á raibh sé ag déanamh bróg, thug sé fé ndeara ná raibh a thuille leathair aige, ná a thuille snáithe, ná a thuille céireach. Bhí an taoibhín déanach shuas agus an greim déanach curtha, agus níor bh’fholáir dó dul agus adhbhar do sholáthar sul a bhféadfadh sé a thuille bróg a dhéanamh. Do ghluais sé ar maidin, agus bhí trí sgillinge ’na phóca, agus ní raibh sé ach míle ó’n dtigh nuair a bhuail duine bocht uime, a d’iaraidh déarca.

“Tabhair dhom déirc ar son an tSlánuightheóra agus le h‑anaman do mharbh, agus tar cheann do shláinte,” arsa ’n duine bocht.

Thug Séadna sgilling dó, agus ansan ní raibh aige ach dhá sgilling. Dúbhairt sé leis féin go mb’fhéidir go ndéanfadh an dá sgilling a ghnó. Ní raibh sé ach míle eile ó bhaile nuair a bhuail bean bhocht uime agus í cos-nochtaithe.

“Tabhair dhom congnamh éigin,” ar sise, “ar son an tSlánuightheóra, agus le h‑anaman do mharbh, agus tar cheann do shláinte.”

Do ghlac truagh dhí é, agus thug sé sgilling dí, agus d’imthigh sí. Do bhí aon sgilling amháin ansan aige, ach do chomáin sé leis, ag brath air go mbuailfeadh seans éigin uime a chuirfeadh ar a chumas a ghnó a dhéanamh. Níor bh’fhada gur casadh air leanbh agus é ag gol le fuacht agus le h‑ocras. “Ar son an tSlánuightheóra,” arsa ’n leanbh, “tabhair dhom rud éigin le n‑ithe.”

Bhí tigh ósda i ngar dóibh, agus do chuaidh Séadna isteach ann, agus cheannuigh sé bríc aráin agus thug sé chun an leinbh é. Nuair a fuair an leanbh an t‑arán d’athruigh a dhealbh. D’fhás sé suas i n‑aoírde, agus do [ 8 ]las solas iongantach ’na shúilibh agus ’na cheannachaibh, i dtreó go dtáinig sgannradh ar Shéadna.

Síle.—Dia linn! a Pheig, is dócha gur thuit Séadna bocht i laige.

Peig.—Níor thuit; ach má ’s eadh, ba dhícheal dó. Chómh luath agus d’fhéad sé labhairt, dúbhairt sé:–

“Cad é an saghas duine thusa?” Agus isé freagra a fuair sé:—

“A Shéadna, tá Dia buidheach díot. Aingeal iseadh mise. Is mé an trímhadh h‑aingeal gur thugais déirc dó indiú ar son an tSlánuightheóra. Agus anois tá trí ghuidhe agat le fághail ó Dhia na glóire. Iar ar Dhia aon trí ghuidhe is toil leat, agus gheobhair iad. Ach tá aon chómhairle amháin agam-sa le tabhairt duit.—Ná dearmhaid an Trócaire.”

“Agus an ndeirir liom go bhfaighead mo ghuidhe?” arsa Séadna.

“Deirim, gan amhras,” arsa ’n t‑aingeal.

“Tá go maith,” arsa Séadna. “Tá cathaoir bheag dheas shúgáin agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagan isteach, ní foláir leis suídhe inte. An cheud duine eile a shuídhfidh inte, ach mé féin, go gceangalaidh sé inte!”

“Faire, faire, a Shéadna,” arsa ’n t‑aingeal; “sin guidhe breagh imthighthe gan tairbhe. Tá dhá cheann eile agat, agus ná dearmhaid an Trócaire.”

“Tá,” arsa Séadna, “mealbhóigín mine agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagan isteach, ní foláir leis a dhorn a sháthadh inte. An cheud duine eile a chuirfidh lámh sa mhealbhóig sin, ach mé féin, go gceangalaidh sé inte, feuch!”

“Ó, a Shéadna, a Shéadna, ní’l fasg agat,” arsa ’n t‑aingeal. “Ní’l agat anois ach aon ghuidhe amháin eile. Iar Trócaire Dé do t’anam.”

[ 9 ]“Ó, is fíor dhuit,” arsa Séadna, “ba dhóbair dom é dhearmhad. Tá crann beag ubhall agam i leath-taoibh mo dhoruis, agus an uile dhailtín a thagan an treó, ní foláir leis a lámh do chur i n‑áirde agus ubhall do stathadh agus do bhreith leis. An cheud duine eile, ach mé féin, a chuirfidh lámh sa chrann san, go gceangalaidh sé ann!—Ó! a dhaoine!” ar seisean, ag sgairteadh ar gháirídhe, “nach agam a bhéidh an spórt ortha!”

Nuair a tháinig sé as na trithídhibh, d’fheuch sé suas agus bhí an t‑aingeal imthighthe. Dhéin sé a mhachtnamh air féin ar feadh tamaill mhaith. Fé dheire thiar thall, dúbhairt sé leis féin: “Feuch anois, ní’l aon amadán i n‑Éirinn is mó ’ná mé! Dá mbéadh triúr ceangailte agam um an dtaca so, duine sa chathaoir, duine sa mhealbhóig, agus duine sa chrann, cad é an mhaith a dhéanfadh san dómh-sa agus mé abhfad ó bhaile, gan bhiadh, gan deoch, gan airgead?”

Ní túisge a bhí an méid sin cainte ráidhte aige ’ná a thug sé fé ndeara ós a chómhair amach, sa n‑áit ’na raibh an t‑aingeal, fear fada caol dubh, agus é ag glinneamhaint air, agus teine chreasa ag teacht as a dhá shúil ’na spréachaibh nímhe. Bhí dhá adhairc air mar bhéadh ar phocán gabhair; agus meigioll fada liath-ghorm garbh air, eirball mar bhéadh ar mhada ruadh, agus crúb ar chois leis mar chrúb thairbh. Do leath a bheul agus a dhá shúil ar Shéadna, agus do stad a chaint. I gceann tamaill do labhair an Fear Dubh.

“A Shéadna,” ar seisean, “ní gádh dhuit aon eagla do bheith ort rómham-sa. Ní’lim ar tí do dhíobhála. Ba mhian liom tairbhe éigin a dhéanamh duit, dá nglacthá mo chómhairle. Do chloiseas thú, anois beag, ’ghá rádh go rabhais gan bhiadh, gan deoch, gan airgead. Thabharfainn-se airgead do dhóithin duit ar aon choinghíll bheag amháin.”

[ 10 ]“Agus greadadh tré lár do sgairt!” arsa Séadna, agus tháinig a chaint dó; “ná féadfá an méid sin do rádh gan duine do mhilleadh led’ chuid glinneamhna, pé h‑é thú féin?”

“Is cuma dhuit cé h‑é mé, ach bhéarfad an oiread airgid duit anois agus cheannóchaidh an oiread leathair agus choimeádfaidh ag obair thú go ceann trí mbliaghain ndeug, ar an gcoinghíll seo—go dtiocfair liom an uair sin.”

“Agus má réidhtighim leat, cá raghmaoíd an uair sin?”

“Cá beag duit an cheist sin do chur nuair a bhéidh an leathar ídighthe agus bhéimíd ag gluaiseacht?”

“Táir geur-chúiseach. Bíodh agat. Feiceam an t‑airgead.”

“Táir-se geur-chúiseach. Feuch!”—do chuir an Fear Dubh a lámh ’na phóca agus tharaing sé amach sparán mór, agus as an sparán do leig sé amach ar a bhais carn beag d’ór bhreagh bhuidhe.

“Feuch!” ar seisean, agus shín sé a lámh agus chuir sé an carn de phíosaibh gleóidhte gléineacha suas fé shúilibh Shéadna bhoicht. Do shín Séadna a dhá láimh, agus do leathadar a dhá laghar chun an óir.

“Go réidh!” arsa ’n Fear Dubh, ag tarang an óir chuige isteach. “Ní’l an margadh déanta fós.”

“Bíodh ’na mhargadh,” arsa Séadna.

“Gan teip?” arsa ’n Fear Dubh.

“Gan teip,” arsa Séadna.

“Dar bhrígh na mionn?” arsa ’n Fear Dubh.

“Dar bhrígh na mionn,” arsa Séadna.

Caibidiol 1