Page:An t-oileanach.djvu/112

This page has been validated.

XI
Mé im’ fhear

An cor mór éisc, an bhean bhéal-dorais caillte, an seisear ógbhan.

Ós rud é gur chuir an file siar ó lá an tsaothair mhóir me gan oiread agus portach móna do bhaint, do cheapas lá eile chun a dhéanta. Níor thugas liom aon dinnéar an lá so, mar dubhairt mo mháthair liom go gcuirfeadh sí giarsach ag triall orm le beagán de bhiadh the.

Sin mar bhí. Do phreabas liom an cnoc amach, agus do thána suas le beirt eile go raibh an fuadar céadna fútha. Ar an slí dhúinn chun an tsléibhe, casadh súl dár thug duine aca, cad do chífeadh sé ná ráth éisc fé ár mbun síos i n‑aice na cloiche. “An diabhal,” ar seisean, “féachaidh an t‑iasc go léir a ráithíocht!” B’eo linn abhaile, agus siubhal fúinn. Do cuireadh bád ar snámh, agus buaileadh isteach na líonta innte; agus níor stadamair nó gur bhaineamair amach an áit go raibh an ráth. Bhí sí ar barra fós comh maith agus do bhí riamh. Do chaitheamair amach an líon agus do thánamair timcheall uirthi. Do thógamair lán ár mbáid féin, agus do bhí lán báid eile insa líon fós.

B’éigean fear do chur amach ar an gcloich chun báid eile do theacht ó’n gcalath, chun é thabhairt chun cinn. Is orm féin do deineadh beartú chun dul abhaile, agus lucht an bháid eile do sholáthar, agus, ní ar shon mé féin ’á rádh é, níorbh’ fhuraiste dhuit mo leithéid féin eile d’fhagháil do bhainfeadh barra an

( 102 )