Page:An t-oileanach.djvu/217

This page has been proofread.

úd triúr aca atá annso timcheall orm anois. I Meirice do chuid aca, san uaigh d’á thuille agus soir siar ar nós a lán nach iad.


Do bhí an saoghal ’á chaitheamh ó bhliain go bliain ar an gcuma so agus do bhíos insa tseana-mhúchán tighe fós. Tháinig machtnamh ionnam é fhágaint agus crut éigin a chur ar bhráca beag éigin nua agus gan na cearca bheith ag glágarnaigh os mo chionn anáirde níosa shia. Cé gur minic a fuarthas cnuasóg ubh anáirde ann lá an ghádhtair, mar sin féin do bhíodh an braon anuas ann ’n-a ndiaidh go minic.

Do bhí sórt tighthe ’á chur ar bun an uair sin gur ceann adhmaid do bhíodh ’á chur ortha; feilt agus tarra amuich fé sna billeóga. Bhídís comh sleamhain le buidéal agus an uair dob’ annsa leis an gcirc dul anáirde mar ba ghnáth léi chun ubh a bhreith ann thuiteadh sí anuas ’on bhuaile agus ní bhacadh sí arís é.

An rud a ritheann i n-aigne duine uair is dóigh liom gur ag dul i gceangal ann a bhíonn sé agus dob’ ’in ionbhadh agam-sa é i dtaobh an tighe. Do bhí ’fhios agam ná faghainn puinn congnaimh chuige ach go raibh saghas comhthroim agam chuige, toisc go raibh an seana-thigh agam, chun mo dhóthain aimsire thógaint leis. Ní mó ná leithead sráide d’aistriú dheineas mar do bhí na clocha im’ thimcheall agus thuigeas gurbh’ fhuiriste fuinneadh i dteannta na mine agus gur mhór an ní dhom an stuif a bheith im’ thimcheall.

Do phreabas chun an tighe a tharrac amach agus an uair a bhí a fhaid agus a leithead agam do tuigeadh dom go mbeadh cúirt agam nuair a bheadh sé suas agus é díonmhar le h-adhmad, feilt agus tarra. Do bhíos ag cur píosa ann i gcomhnaidhe nuair a bhíodh an chao’ agam air, agus ó smut go smut do bhí aithint an tighe ag teacht go luath air; agus níor mhór an aga go raibh sé i n-aoirde cabhlach agus ná raibh orm ach an dá bhinn a chur le chéile, agus do bhíodar san á chaolú i ndiaidh gach péirse.