Page:An t-oileanach.djvu/269

This page has been proofread.

bhíodh le linn m’óige. Insan am san agus me im’ gharsún is cuimhin liom go maith ná beadh fáiltiú ceart curtha roimis an sagart ag aenne ná buailfeadh leath-ghlúin leis ar thalamh tar éis an báirréad a bheith scuabtha glan de’n chloigeann. Insa tsaoghal fé láthair má bhíonn cruinniú roim shagart bogfaidh an chuid tosaigh an báirréad, ach b’fhéidir ná bogfaí an báirréad féin as san siar. An bád go mbeadh sagart innti ní bheadh cead ag an bhean dul innti, pé broid nó gádhtar do bheadh uirthi, agus ní thagadh aenne aca i ngoire an chalaith. Ach le tamall níl aon chosc leo má tá lán an bháid ann aca.

Tá feiscint an Easpoig insa Bhlascaod ar an gcuimhne is sia agam. Dar liom gur ceann a thógas de seachas aenne eile, toisc an bhruit fé leith a bhí air, is dócha, mar níorbh’ fhéidir liom bheith mórán blian. Aon duine go bhfuil cúntas cruinn uaidh cá bhfuil cathaoir an Easpoig sa Bhlascaod Mór níorbh’ fhada an mhoill orm mo lámh a bhualadh uirthi. Bhí sé ag siubhal leis ó fhág sé an calath nó gur bhuail lanntán féar-ghlais leis. Do bhí carraig cloiche i lár an lanntáin seo. Do stad an tEaspog agus d’fhéach sé timcheall agus do shuidh ar an gcloich agus do bhailibh a chlócha ’n-a thimcheall. “Tá an áit seo ’riúnach go maith ó tá an lá breagh,” ar seisean.

Ní cuimhin liom aon Easpog a theacht ó shin ann. Uair san tríú bliain a thagann glaodhach ar na h-óga annso le fada dul amach go dtí áit chomhnaithe an tSagairt Paróiste i mBaile an Fhirtéaraigh chun dul fé láimh Easpoig.

Bhíodh tigh ullamh insan Oileán so chun na stáisiún gach bliain nuair a thagaidís; ach an fhaid atá tigh na scoile ann is ann a bhíd.


Is mó duine tháinig fé dhéin an Oileáin le blianta ar lorg na Gaoluinne. Mí a bhíodh age n-a bhfurmór. Do chaithinn tamall a thabhairt do gach nduine aca agus mo chuid oibre féin a dhéanamh ’n-a theannta san.