Irish Minstrelsy Vol 2/Gráinne Mhaol

Irish Minstrelsy, Vol. 2 by Seán Clárach Mac Domhnaill
Gráinne Mhaol
[ 64 ]

GRAINNE MHAOL.

Seághan Clárach2 ró chan.


A Shaoí ghlain de phríomh-sgoith na sár-fhear sáor!
Is bínn, snaoíghte laoíthe agus ráidhte séimh’;
An aoíbhinn leat dibirt ar ná’id go léir,
’S an rígh ceart a luígheadh ’nois le Gráinne Mhaol?

Beidhid soíllsi agus teínte geal cnáimh ag Gaodhail,
A’s fíonta d’á n-díogadh air clár le sgléip,
Beidh aoibhneas a’s íntinn air dháimh, a’s cléir,
Ag guídhe leis an rígh ceart ’s le Gráinne Mhaol.

Tá Laoíseach go buídheanmhar tar saíle ag téacht,
Le díograis chum díoghaltais le gárda a’s fao’ar,
Beídhid Saoíthe ar g-críche go bráth ’n a réim,
Ag díbirt a naimhde ó Ghráinne Mhaol.


[ 66 ]

Chídhfear na mílte ó’n Spáinn go tréun,
Fíor-Scoit na tíre do crádhadh le pléid,
Fíllfid gan mhaíll chúgainn tar sáil’ gan bhréig,
Ag coímhdeacht an Rígh cheirt a’s Ghráinne Mhaoil.

Spreag d’íntinn, bíodh meadhair ort go láidir, léir;
Glac cloídheamh chúgad a’s eírghidh, a ghráidh mo
chléíbh!
Sgínnfid ó Highlands luchd bláth-bhóinéatt,
Agus sínfid an Rígh ceart le Gráinne Mhaol.

Tá an t-impire agus Laoíseach agus Papa Dé,
Ag tígheacht chúghainn go buídheanmhar ’s an
Spainneach séimh;
Beidhid sítheach feasda, muinteardha, páirteach réidh,
Leis an Stíobhart-so air slígh chúgainn ’s le Gráinne
Mhaol.

Beidh síor-ghul a’s caoídh guirt a’s gártha cléibh,
Ag fíor-bhodaich choídhche, ’gus ní cás liom é;
Stríocfaid go h-ísiol, go tláith ’s go faon,
Do’n Stíobart do díbreadh ’s do Ghraínne Mhaol.


[ 68 ]

Biadhmaoíd-ne go fíontach a’s go fáilteach, saor,
A’s ar muintir go h-aoíbhinn gan cháin, ’san t-saoghal;
Beidhid gaoídhil bhocht go h-íntinneach lán de sgléip,
’S an Sgaoínsi clamh díbiortha ó Ghráinne Mhaol.

A dhalta dhil, chalma, ghrádhmhair, shéimh,
Mo theasdas air mhasgalach bhláith, gan bhéim,
Dá sracadh le sealad ag námhuid go claon,
Fá sgamaill ag agallamh Ghráinne Mhaol.

Beidh ceartas, beidh aiteas, beidh dáin, beidh sgléip,
Ag flathaibh ag freasdal do’n n-árd-rígh thréun,
Beidhid Galla ’n a g-ceathaibh d’á leagadh le pilléir,
A’s beidh sealbh ag Carolus air Ghráinne Mhaol.