Irish Minstrelsy Vol 2/Síle n-uí Ghadhra

Irish Minstrelsy, Vol. 2
Síle n-uí Ghadhra
[ 54 ]

SILE N-UI ’GHADHRA.


’S é deir Dómhnall O’Mórdha, a’s é air árd Leasa-gréine,
Gur fada tá an óig-bhean, gan pósadh le Séurlas,
O milleadh, ó leónadh, ó seóladh, tar tréun-mhuir,
Na feara-choin chródha, dhe chóir-sliochd Mhilésiuis,
Lasfamaoíd tóirseadha, a dhóighfeas an saoghal!
Agus bainfeamaoíd tóirneach, as chrón-phoic le
faobhar;
Glanfam Clár Fódhla, ó na Cóbaich go léir,
Beidh slóighte air na bóithribh, go módhmharach,
meadharach,
Ag triall chum do phósda-sa, a Shíle n-í Ghadhra.


[ 56 ]

Sin teachtaire tráthamhail, gan spás chum an Maioir,
Go scríobhfad go fáith-ghlic, chum árdaibh na h-Eirean;
Gach filidh, gach fáigh glic, gach sár-fhear d’á thréineacht,
bheith bailighthe an lá úd, air árd Leasa-gréine;—
Punch is fíon croidhearg, d’a thaoscadh mar shaíghiott,
Drumadha d’á b-pléuscadh, d’á ngréasada chum síege;
Seúrlas ceannféadhna bh-fear Eirean gan mhaíll,
Mac Ui’bhriain Ara, go calma meadharach
Ag triall chum do phósda-sa, a Shíle n-í Ghadhra.

Ar luachann a grádh-geal, go h-áluinn le Síle,
Chualadh a gáire, air árd na d-trí ríoghacta;—
Chualadh ’s an Spáinn í, le h-áthas d’á ínnsin,
Chualadh san iottáil í, ’gus air árd bhailte laoísich,
Chualadh í n-Eirinn, le féile d’á mhuídheamh,
Go g-cuirfídhe na Gaodhail bhocht’, ’na réim-cheart
arís,
Nach biadh Sí na straédh bhocht, idir mhéirlich mar
bhídh,
Go d-traéchadh sí Galla, an aicme gan bhéusa,
’S go b-pósfadh sí a cara, le dlígh cheart na Cléire.


[ 58 ]

Ciab’é chídhfeadh an sár-fhear, breágh, áluinn, an Maior,
Air ghillín ag ceáfradh, go stáitmhear chum scléipe,
Le n-a chloídheamh leathan, láidir, ’n a láimh-dheas a’s
faobhar air,
Ag fuascailt na mná úd, ’s dá grádhchann le Séurlas,
Ca bh-fuil tú a Sheurlais? ná dean-si aén mhaíll!
Díbir tar tréun-mhuir, go h-éascaidh na Gaíll,
Bain fuaim as gach bréan-phoc, a’s séid suas an adharc;
Suas leis na ceóltaibh, go módhmharach meadhrach,
Ag triall chum do Phósda-sa, a Shile n-í Ghadhra!

Tá fásach ’n a slaodáibh, air shleibhtibh ’sair mhaoíling,
Agus bínn-ghuth na n-éunlaith, air ghéugaibh ’s a
n-oídhche;
Le dian-theas na gréine, bídh’ an chraobh glas ’s an
ngéimhreadh ann,
’S nach breágh deas tá Phoébhus, ag séideadh chuid
soíllse.
Preabaidh a n-aéinfheacht, an méud-si Shíol m-Briain!
Leanaidh a chéile, agus féuchaidh bhur d-triath!
Machtnaigh air ghéur-ghoin, bhur g-céusadh le cian!
Shíol na bh-fear g-calma, leanaigh bhur léid-fhear!
Ag feóil-choscairt bodaich, as Fódhla-chlár Eibhir!


[ 60 ]

A Shíle na g-comann ná fullaing mé b-pian,
Foír air mo ghlasaibh ’s air mo dhanaid má fhéudair,
Ná foíghdigh me am stracadh eadar ghasraidh diabhal,
Mo shúil leis a g-comhnudhe, ’s gan gnódh dhamh d’á
iarradh.
Tá mo dhóich-sa le Peattar go scarrfar an bháb
leis an leídhce-si, a dhealbh nach áit leis na mnáibh;
Má luadhadh leis mar chéile í ní’r réidhtigh sé a cás,
An Galla-phoc malluighthe stracfamaoíd a adharca,
A’s cuirfeam bodaich chum sodair as Shíle n-í Ghadhra.

Is mór an chúis éad’ domh, gach lá ’n-uair a smuaíním
Air ghruagach neamh-bhéusach, neamh-aérach,
neamh-aoíbhinn,
Gan shubhailce, gan thréighthe, gan fhéile gan chaoíneas,
Acht ag fuadach’ mo chéile ’gus d’á h-éigean air
choílltibh:
’S me an druídhe is óige ’s is seine ’s an d-tír,
’S mé phógfas an óig-bhean agus tiocfaidh sí línn,
’S í thógfas an smóit-si an tuirse dhe’m chroídhe,
An óigh mhilis, chiúin, táis mar a luaidhtear ag
laoíseach,
Agus pósfadh mo chailín le cathaoír gan aoímhreas.7

[ 62 ]

’S é Cathaoír do b’feárr liom a thrácht liom ’s an nídh
úd,
Agus rígh geal na Spáinne a’s a ghárda bheith a’m
thímchioll,
’S é bhuaidhfeas gan dualgas le h-uaislibh na tíre,
Agus sinne, lá dúbhach é! ag búiribh d’ár g-coímheasgar:
Troidigh-si an mhéirleach nach féidir do chlaoídheadh,
Go d-tiocfaidh an Franncach ’s a bhanntrachd thar
toínn,
’Sé d’fágfas gan amhras iad go fann-lag gan bhrígh,
’N uair a thiocfaidh an dream úd go teann le n-a
chéile
Beidh aithfreann cantaireacht a d-teampaill na
h-Eirean.