Muintir Bhaile Átha Cliath/Eveline

Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Eveline
[ 42 ]

EVELINE

SHUIGH SÍ AG AN FHUINNEOG ag amhairc ar ionradh an chontrátha ar an aibhinne. Bhí a ceann ag baint taca as cuirtín na fuinneoige agus bhí boladh an cretonne deannachúil i bpoill a sróine. Bhí tuirse uirthi.

Is beag duine a chuaigh thar an teach. Chuaigh fear den tigh deiridh thairsti ar a bhealach abhaile; chuala sí a choiscéimeanna ag trup-trap ar an chosán suiminte agus ansin ag cnagarnach ar an chosán gairbhéil os comhair na dtithe nua rua. Bhí páirc ansin tráth ina mbídís ag súgradh le páistí daoine eile gach tráthnóna. Ansin cheannaigh fear as Béal Feirste an pháirc agus thóg tithe uirthi – murab ionann agus a dtithe beaga donna féin, ba thithe le brící geala agus le cinn shnasta iad. Dhéanadh páistí an aibhinne spraoi le chéile sa pháirc siúd – na Devines, na Waters, na Dunns, Keogh beag a bhí ina bhacach, ise agus a deartháireacha agus a deirfiúracha. Ní bhíodh Ernest ag súgradh riamh áfach: bhí sé rómhór. Chuireadh a athair an ruaig abhaile orthu amach as an pháirc lena bhata draighin; ach de ghnáth dhéanadh Keogh beag faire agus fógraíodh nuair a fheiceadh sé a hathair ag teacht. Mar sin féin, ba chosúil go rabhadar sona go leor ag an am. Ní raibh a hathair chomh dona ansin; thairis sin, bhí a máthair beo. Ba i bhfad ó shin é sin; bhí sise agus a deartháireacha agus deirfiúracha fásta suas anois; bhí a máthair marbh. Bhí Tizzie Dunn marbh freisin, agus d’fhill na Waters ar Shacsana. [ 43 ]Athraíonn gach aon rud. Anois d’imeodh sise faoi mar a rinne an chuid eile; bhí sí ar tí a baile a fhágáil.

Baile! D’amhairc sí uaithi ar an tseomra mórthimpeall uirthi agus bhreathnaigh ar na rudaí aithnidiúla go léir ann ar ghlan sí an deannach dhíobh uair sa tseachtain thar na blianta. Ní fheadair cad as a tháinig an deannach ar fad. B’fhéidir nach bhfeicfeadh sí na rudaí aithnidiúla seo go deo arís. Ba rudaí iad nár shamhlaigh sí riamh go scarfaí uathu í. Agus ina dhiaidh sin féin, in ainneoin na mblianta sin ar fad, bhí sí chomh haineolach is a bhí riamh ar ainm an tsagairt a raibh a ghrianghraf buí-chaite crochta ar an bhalla, os cionn an orgán béil briste a bhí le hais na cóipe de na gealltanais a tugadh do Margaret Mary Alacoque Beannaithe.[1] Ba chara scoile lena hathair an sagart seo. Gach uair a thaispeánadh sé an grianghraf do chuairteoir, deireadh sé an rud céanna nuair a shíneadh chuige nó chuici é:

“Tá sé in Melbourne anois.”

Bhí sí tar éis toiliú imeachta, a baile a fhágáil. Ar chríonna sin? Rinne sí iarracht mheá an dá thaobh den cheist. Ar a laghad ar bith, bhí foscadh agus bia le fáil aici sa bhaile; bhí sí i measc daoine ann a raibh aithne aici orthu ar fad a saoil. Ar ndóigh b’éigean di obair go dian, sa bhaile agus sa ghnó. Céard a déarfaidís fúithi san Ionad Siopadóireachta nuair a gheobhaidís amach gur éalaigh sí le fear. Déarfaidís gurbh óinseach í, b’fhéidir; agus líonfaí a háit trí fhógra. Bheadh Miss Gavin sásta. Bhíodh sí chun tosaigh uirthi i gcónaí, go háirithe nuair a bhídís daoine ann a chloisfidís í.

Miss Hill, nach bhfeicir go bhfuil na mná seo ag fanacht?” [ 44 ]“Déan deifir, Miss Hill, le do thoil.”

Ní shilfeadh sí mórán deor faoina himeacht ón Ionad Siopadóireachta. In a baile nua áfach, i dtír anaithnid i bhfad i gcéin, ní mar sin a bheadh an scéal. Bheadh sí pósta ansin – ise, Eveline. Chaithfidís daoine go measúil uirthi ansin. Ní chaithfí léi mar a caitheadh lena máthair. Fiú amháin anois, in ainneoin go raibh sí os cionn naoi mbliana déag d’aois, bhí sé á thuar di go raibh sí i mbaol foréigin a hathar ar uairibh. Bhí a fhios aici gurbh é sin ba chionsiocair leis an phreabadh croí a thagadh uirthi. Nuair a bhíodar ag fás aníos níor thug sé fúithi riamh, faoi mar a thugadh sé faoi Harry agus faoi Ernest, de bhrí gur chailín í, ach ar na mallaibh thosaigh sé ag bagairt uirthi céard a dhéanfadh sé uirthi murach cuimhne a máthar a bhí marbh. Agus anois ní raibh aon duine aici chun a cosanta. Bhí Ernest básaithe agus maidir le Harry, a bhí gnó aige le maisiú séipéal, bhí sé amuigh faoin tír beagnach i gcónaí. Ar aon nós, bhí sí ag éirí tinn tuirseach cortha den achrann seasmhach faoi airgead gach oíche Dé Sathairn. Thugadh sí a tuarastal ar fad i gcónaí – seacht scilling – agus sheoladh Harry a mhéad agus a thagadh leis chuici, ach ba í an fhadhb, airgead a fháil óna hathair. Deireadh sé go raibh sí ag diomailt an airgid, nach raibh ciall aici, nach raibh seisean ag dul a thabhairt a chuid airgid di a shaothraigh sé le dua chun go gcaithfeadh sise thart ar na sráideanna é, agus deireadh sé go leor eile lena ais, mar bhíodh sé sách dona san oíche ar an tSatharn go hiondúil. Thugadh sé an t-airgead di sa deireadh agus d'fhiafraíodh di an raibh rún dá laghad aici dinnéar an Domhnaigh a cheannach. Ansin b’éigean di dul amach [ 45 ]a cheannach earraí dá post chomh géar gasta agus a thagadh léi, greim daingean aici ar a mála ina láimh aici agus í ag brú tríd na sluaite. D'fhilleadh sí go deireanach san oíche faoi uallach a stórtha. Ba é a sáith é eagar a choinneáil ar an tigh agus cinntiú go dtéadh an bheirt páistí beaga a fágadh faoina cúraim, go dtéidís chuig an scoil go rialta agus go bhfaighidís a mbéilí go rialta. Ba obair chrua í, ba shaol crua é, ach anois ó bhí sí ar tí scartha leis, níor dhealraigh sé go dona ar fad mar shaol.

Bhí sí ar tí saol eile a bhlaiseadh le Frank. Bhí Frank thar a bheith cineálta, fearúil agus mórchroíoch. Bhí sí le himeacht leis ar bhád na hoíche mar bhean chéile aige chun a saoil a chaitheamh in éindí leis in Buenos Aires, áit a raibh baile faoi réir aige dhi. Bhí chuimhne mhaith aici ar an chéad uair a chonaic sí é; bhí sé ar lóistín i tigh a dtugadh sí cuairt air ar an phríomhbhóthair. Shílfeá go mba cúpla seachtain ó shin a bhí i gceist. Bhí seisean ina sheasamh ag an gheata, a chaipín speiceach tarraingthe siar ar a cheann aige agus a chuid gruaige ag titim in aimhréidh ar aghaidh a raibh dath na gréine uirthi. Ansin chuadar in aitheantas ar a chéile. Bhuaileadh sé léi lasmuigh den Ionad Siopadóireachta gach tráthnóna agus thionlacadh abhaile í. Thug sé leis í a fhéachaint ar The Bohemian Girl[2] agus bhí ríméad uirthi nuair a shuí sí in aice leis in áit san amharclann nach raibh sí riamh inti roimhe sin. Bhí dúil mhillteanach sa cheol aige agus ghabhadh sé fonn scaití. Bhí a fhios ag daoine go rabhadar ag siúil amach lena chéile agus nuair a chanadh sé faoin ainnir atá i ngrá le mairnéalach, ní thuigeadh sí é ach bhíodh gliondar uirthi. Chuir sé an leasainm Poppins uirthi as spraoi. Ar dtús ba ábhar sceitimíní dhi [ 46 ]go raibh stócach aici agus ansin mhéadaigh a cion air. Bhí scéalta aige faoi thíortha i bhfad i gcéin. Thosaigh sé amach mar mhairnéalach boird ag saothrú puint in aghaidh na míosa ar long den Chomhlacht Allan ar an turas go Ceanada. Ríomh sé ainmneacha na long ar a raibh sé agus ainmneacha na seirbhísí éagsúla. Bhí Caolas Magellan seolta aige agus d’eachtraigh sé scéalta dhi faoi na Patagónaigh fíochmhaire. Bhí a chóta bán déanta ón ló a tháinig sé go Buenas Aires, a dúirt sé, agus ní raibh ina theacht anall dá thír dúchais ach turas laethanta saoire. Ar ndóigh, fuair a hathair amach faoin chaidreamh agus chuir cosc uirthi labhairt leis níos mó.

“Tá aithne agam ar dhream na mairnéalach,” a dúirt sé.

Chuir sé aighneas ar Frank lá amháin agus b'éigean di bualadh lena grá geal faoi cheilt as sin amach.

D’éirigh an oíche níos dorcha san aibhinne. Is ar éigean a d’fheicfeá an dá litir bán in a hucht. Bhí ceann amháin díobh do Harry agus bhí an ceann eile dá hathair. Ba é Ernest a bhí ina cheanán aici riamh ach bhí bá aici le Harry chomh maith. Bhí sé tugtha faoi deara aici go raibh a hathair ag dul in aois le deireanas; d’aireodh sé uaidh í. D’fhéadfadh sé bheith an-deas ar uairibh. Go gairid roimhe sin, nuair b’éigean dise tabhairt faoin leaba ar feadh lae, léigh sé scéal taibhse dhi agus réitigh tósta dhi os comhair na tine. Lá eile, nuair a bhí a máthair fós beo, chuadar go barr Bhinn Éadair le haghaidh chóisr faoin aer. Chuimhnigh sí ar a hathair ag cur chaidhp a máthar air féin a bhaint gáire as na páistí.

Bheadh an t-am istigh mura mbogadh sí, ach d’fhan sí ansin ina suí ag an fhuinneog, ag ligean a cinn anuas ar an chuirtín agus ag baint lán a sróine de bholadh an chreiteoin dheannachúil. [ 47 ]Chuala sí orgán sráide á sheinm i bhfad síos an aibhinne; d'aithin sí an fonn. Nárbh aisteach gur seinneadh an oíche sin é a chur i gcuimhne dhi an gealltanas a thug sí dá máthair: an gealltanais go dtabharfadh sí aire don tigh a fhad is a thiocfadh léi. Ba chuimhin léi an oíche deiridh de liostachas a máthar; bhí sí ar ais arís sa tseomra phlúchta dhorcha ag an taobh eile den halla agus bhí fonn maoithneach na hIodáile le cloisteáil lasmuigh. Tugadh sé phingin don tseinnteoir ceoil agus d’ordaíodh dhó imeacht leis. Ba chuimhin léi a hathair ag siúl de sciotán ar ais isteach sa tseomra a rá:

“Marbhfháisc ar na hIodálaigh sin! Ag teacht anall anseo!’”

Fad is a bhí sí ar a marana, chuir íomhá truamhéalach shaol a máthar, chuir sé faoi gheasa í idir corp agus anam – an saol sin d’íobartaí laethúla a dhruid timpeall ar a máthair gur imigh sí as a meabhair sa deireadh. Ghabh creathán tríthi nuair a chuala sí guth a máthair arís agus í ag síor-rá go baoth-dáigh:

“Derevaun Seraun! Derevaun Seraun!”[3]

Léim sí ina seasamh leis an scanradh a bhuail í. Éalú! Chaithfeadh sí éalú! Ghlacfadh Frank léi. Thabharfadh sé saol di, agus, b’fhéidir, grá chomh maith. Pé ar bith, ba mhian léi bheith sona. Cad chuige an mbeadh sé de dhualgas uirthi bheith míshona? Bhí ceart aici ar shonas. Bhéarfadh Frank ina lámha í agus d’fháiscfeadh dá ucht. D’fhóirfeadh sé uirthi.

Sheas sí i measc an phlód ghiodamaigh sa stáisiún ag an Phort Thuaidh. Rug sé i ngreim láimhe uirthi agus bhí a fhios aici go raibh sé ag caint léi, ag rá rud éigean faoin phaisinéireacht arís agus arís eile. [ 48 ]Bhí an stáisiún dubh le saighdiúirí le málaí donna. Fuair sí spléachadh ar chruth mór dubh na loinge trí dhoirsí leathana na stórtha. Bhí sí druidte i gcoinne na céibhe agus bhí solas ag teacht as na sliosfhuinneoga. Níor thug sí freagra dá laghad. Mothaigh sí mílítheacht agus fuacht a leicinn. D’impigh sí treoir ó Dhia. D’impigh air léiriú a dualgais di. Lig an long fead fhada ochlánach sa cheo. Amárach bheadh sí ar an fharraige le Frank, ag seoladh i dtreo Buenos Aires. Bhí a bpaisinéireacht ceannaithe. An bhféadfadh sí dul ar gcúl i ndiaidh gach a rinne sé ar a son? Chuir an anbhroid masmas uirthi agus chorraigh a béal gan stad ná staonadh le paidir dúthrachtach os íseal. D’airigh torainn an chloig ag bualadh ina cliabh . Mhothaigh sí a lámh siúd ag breith greama ar a lámh-sa:

“Gabh i leith!”

D’oibrigh farraigí uile an domhain thart faoina croí. Bhí seisean dá tarraingt isteach iontu: bháfadh sé í. Thug sí amas faoin ráille iarainn lena dhá lámh.

“Gabh i leith!”

Arú! Arú! Arú! Ba é a sárú é. Bhí greim an duine bháite aici ar an chlaí iarainn. Ó lár na bhfarraigí móra, lig sí scread chráite aisti!

“Eveline! Evy!” Thug sé sciurd thar chlaí na dticéad agus ghlaoigh uirthi a leanúint. Béiceadh air dul ar aghaidh as an bhealach ach choinnigh ag glaoch uirthi. Thug sí a haghaidh mílítheach air. Bhí dreach marbhánta uirthi mar a bheadh ar bheithíoch i sáinn. Ní raibh lorg grá ná beannachta ná aitheantais dá laghad ina súile.

Gluais edit

  1. Bean rialta ab í (1647-90). Foilsíodh Croí Ró-Naofa Íosa Críost di in aisling. Is ábhar mór cráifeachta i dteaghlaigh Éireannacha é an Croí Ró-Naofa seo.
  2. Ceoldráma éadrom leis an chumadóir Éireannach, Michael Balfe (1808-70). Bean uasal a bhfuadaíos an luch siúl í is príomhphearsa ann.
  3. Tá roinnt tuairimí i measc léitheoirí faoi bhrí an fhocail seo. Áitíonn daoine áirithe gur Gaeilic thruaillithe é agus tugann a léamh féin ar as Anglais. Is é an dá léamh is coitianta, ‘the end of pleasure is pain’ nó ‘the end of a song is raving madness’. Ó tharla nach ndéanann ceann ar bith de na tuairimí seo ciall don aistritheoir seo (deireadh fun/ deireadh foinn ‘sea ruin?), is é a thuairim féin gur brilléis é an focal, tuairim atá sách coitianta.
   This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

 

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:
 
  
This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.