Muintir Bhaile Átha Cliath/I nDiaidh an Rása

Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
I nDiaidh an Rása
[ 49 ]

I NDIAIDH AN RÁSA


Tháinig na carranna anall de sciuird i dtreo Átha Cliath agus iad ag gluaiseacht ar aghaidh go caol díreach ar Bhóthar an Náis. Ní thabharfá de shamhail dóibh ach púróga ag rith trí chlais. Bhí an lucht féachana cruinnithe le chéile i mbuilc bheaga ar mhullach an fhánáin ar an Inse Chóir a amhairc ar na carranna agus iad ag scinneadh go ceann scríbe, agus trí chlais seo an ghanntanais agus easpa forbartha, ghluais an Mhór-roinn a saibhreas agus a tionscal. Ó am go chéile, lig na scataí daoine gáir mholta na ndaor buíoch astu. Ba leis na carranna gorma a d’imríodar dáimh áfach - carranna a gcairde, na Francaigh.

Rud eile dhe, ba iad na Francaigh na buaiteoirí, geall leis. Chríochnaigh a bhfoireann siúd go maith; bhaineadar an dara agus an tríú áit amach agus dúradh gur Bheilgeach é tiománaí an chairr Ghearmánaigh a bhuaigh an rása. Cuireadh an dá oiread fáilte roimh gach aon charr gorm agus é ag dul thar mhullach an fhánáin dá bharr, agus iad siúd sa charr, d’fhreagraíodar an gháir mholta le fáthadh an gháire agus le sméideadh cinn. I gceann de na carranna dea-dhéanta seo bhí buíon cheathrar fear óg ar chosúil go raibh a meanma bhuacach ag an tráth sin ag baint bairr ar an Fhrancachas rathúil: déanta na fírinne bhí sceitimíní orthu nach mór. Ba iad an ceathrar a bhí ann, Charles Ségouin, an té ar leis an carr é; André Rivière, leictreoir óg as Ceanada ó dhúchas dó; Ungárach mór millteach darbh ainm Villona agus fear óg pioctha bearrtha darbh ainm Doyle. Bhí deá-ghiúmar ar Séguin mar fuair roinnt ordaithe roimh ré [ 50 ]gan choinne (bhí sé ar tí gnó gluaisteáin a chur ar siúl sa Pháras) agus bhí dea-ghiúmar ar Rivière mar go ndeanfaí bainisteoir ar an chomhlacht de; bhí an dea-ghiúmar ar an bheirt fhear óg seo (ar chol cheathracha iad) mar gheall ar rath na gcarranna Francacha sa rása freisin. Bhí dea-ghiúmar ar Villona mar go raibh lón an-sásúil aige; agus thairis sin, bhí an soirbheas de mhianach ann. Maidir leis an ceathrú duine den bhuíon áfach, bhí sé faoin oiread cearthaí is nár fhéad bheith fíor-shona.

Bhí sé tuairim is fiche a sé bliain d’aois, bhí croiméal donn éadrom aige agus bhí súile liatha aige a raibh cuma shoineanta go leor orthu. A athair, a thosaigh amach sa tsaol mar Náisiúnach cruthanta, mhaolaigh sé a thuairimí go luath sa saol. Rinne sé a rachmas mar bhúistéir in Kingstown[1] agus bhí a rachmas déanta arís agus arís eile aige as oscailt siopaí in Áth Cliath agus sna bruachbhailte. Bhí sé de rath air cuid de chonartha an Gharda Síochána a bhaint amach agus sa deireadh bhí sé sách saibhir is go ndearnadh tagairt air mar cheannaí láidir sna páipéir nuachta. Chuir sé a mhac go Sacsana le hoideas a fháil i gcoláiste Caitliceach mór le rá agus chuir ar Dublin Universityii é ina dhiadh sin chun dul le dlí. Ní raibh Jimmy ró-dhúthrachtach i mbun staidéir agus d’imigh le drabhlás ar feadh seala. Bhí airgead aige agus bhí neart cairde aige; agus roinn sé a chuid ama go corr idir aicme an cheoil agus aicme na gluaisteánaíochta. Cuireadh go Cambridge é ar feadh téarma ansin a bhlaiseadh beagáin den tsaol. Agus a athair ag casaoid faoin dul thar fóir ach mórtasach as ina chroí istigh, d’íoc na billí [ 51 ]agus thug abhaile é. Ba in Cambridge a bhuail sé le Ségouin. In ainneoin nach rabhadar an-mhór lena chéile go fóill, bhain Jimmy an-sult as comhluadar duine a raibh an oiread sin den domhain feicthe aige agus a raibh sé de cháil air gur leisean cúpla ceann de na hóstáin ba mhó sa Fhrainc de réir tuairisce. B’fhiú go mór é aithne ar a leithéid de dhuine (rud faoinar aontaigh a athair leis), go fiú amháin mura mbeadh sé chomh taitneamhach mar chompánach is a bhí. Bhí Villona taitneamhach freisin – pianódóir den scoth ab é – ach, faraor, bhí sé an-bhocht.

Lasc an carr chun cinn go meidhreach lena lucht fear óg scléipeach. Bhí an bheirt chol ceathracha ina suí chun tosaigh; bhí Jimmy agus a chara Ungárach sa tsuíochán cúil. Go deimhin, bhí Villona ar bharr na gaoithe; choinnigh sé drantán toll ceoil ar siúl ar feadh na mílte den bhealach. Roinn na Francaigh a ngáire agus a bhfocail chiúin thar a ngualainn leis an bheirt laistiar díobh agus b’éigean do Jimmy cromadh chun tosaigh go minic d’fhonn chloisteáil na habairte praise i gceart. Ní raibh mórán pléisiúr ag Jimmy ann i ndáiríre, mar b’éigean dó an chiall a thomhas go haclaí agus freagra feiliúnach a screadadh ar ais in aghaidh gaoithe móire. Ar aon nós, chuirfeadh crónán Villona mearbhall ar dhuine ar bith; torann an chairr freisin.

Cuireann luas lasrach giodam ar dhuine; déanann cáil amhlaidh; fearacht mar a dhéanas seilbh airgid. Ba trí chúis giodaim iad seo ag Jimmy. Chonaic go leor dá chairde é i gcuideachta na nEorpach seo. Chuir Ségouin in aithne do dhuine de na hiomaitheoirí Francacha ag an cheann sprice, agus, [ 52 ]mar fhreagra ar an chomhghairdeas ciotach a rinne Jimmy trína fhiacla, rinne an tiománaí meangadh gáire leis a nocht líne fiacla geala in aghaidh de dhath crón. Tar éis na honóra sin, bhí sé go breá filleadh ar shaol coitianta an lucht féachana, agus daoine ag tabhairt uillinne dá chéile agus ag breathnú air. Ansin maidir leis an airgead, is cinnte go raibh suim mhór ar a sheilbh. B’fhéidir nach measadh Ségoin gur shuim mhór airgid í, ach, i gcás Jimmy, in ainneoin na mbotún a rinne sé ar feadh scaithimh, sa deireadh thiar thug seisean an stuaim ó dhúchas agus thuig go maith an dua a caitheadh le bailiú an airgid seo. Choinnigh a fhios seo a bhillí taobh istigh de theorann na meargántachta réasúnta roimhe sin ina shaol agus, má bhí beann aige ar an dua a chaitear le saothrú airgid nuair nach raibh i gceist ach cor bua na hintleachta thar mar is gnách, is amhlaidh is mó a bhí a bheann aige air anois ó bhí sé ar tí an chuid is mó dá shlí bheatha a chur i ngeall. Ba mhór an rud dó é.

Ar ndóigh, ba thairbheach an infheistíocht é agus d’éirigh le Ségouin tabhairt le tuiscint gurbh ar mhaithe le gar a dhéanamh dá chara a chuirfí an lear mór airgid Éireannaigh leis an chaipiteal eile sa tionscnamh. Bhí meas ag Jimmy ar chríonnacht a athair i gcúrsaí gnó agus sa chás seo ba é a athair ba luaithe a mhol an fuilleamh; bhí airgead le déanamh as tionscadal na ngluaisteán – carn airgid. Ina theannta sin, bhí cosúlacht so-aitheanta an tsaibhris ar Ségouin. Chuaigh Jimmy ar a mharana faoin charr uasal inar shuigh sé a mheasadh a luacha i laethanta oibre. A éasca a rith an t-inneall. A ghalánta a ghluaiseadar chun cinn ar na bóithrí caola faoin tuath! Leag an turas méar dhraíochtúil ar chuisle [ 53 ]an tsaoil agus chuaigh córas néaróga daonna i ngleic go curata le pocléimeanna an ainmhí ghorm scafánta.

Thiomáineadar síos Sráid an Dáma. Bhí an tsráid trangláilte le trácht neamhchoitianta, bhí sí callánach le bonnáin thiománaithe cairr agus le cloig thiománaithe tram mífhoighneacha. Tharraing Ségouin isteach gar don bhanc agus chuaigh Jimmy agus a chara amach. Chruinnigh dornán daoine ar an chosán a bhreathnú le haoibhneas ar an mhótar cumhachtach. Bhí sé socruithe go gcaithfeadh an comhluadar dinnéar le chéile an oíche sin in óstán Ségouin, agus, idir an dá linn, go dtéadh Jimmy agus a chara, a bhí ag fanacht leis, go dtéidís abhaile le haghaidh athrú éadaigh. Tharraing an carr amach go mall ar a bhealach go Sráid Grafton agus bhrúigh an bheirt fhear tríd an dornán lucht féachana. Shiúladar ó thuaidh faoi sholas fann na lampaí sráide san oíche bhrothallach samhraidh, agus díomá nó cumha éigean orthu faoin tsocrú.


I dtigh Jimmy, dúradh gurbh ócáid mhór le rá é an dinnéar seo. Bhí mórtas áirithe a mhuintire fite fuaite le faitíos; díocas éigean chun meargántachta freisin, mar go bhfuil bua na meargántachta seo ag ainmneacha cathracha móra eachtrannacha ar a laghad. Anuas ar sin, bhí Jimmy gléasta go galánta. Sheas sé sa halla ag socrú shnaidhm a charbhait. Bhí a athair sásta – b’fhéidir gur shástacht ó thaobh chúrsaí tráchtála a bhí ann go fiú, mar gheall ar cháilíochtaí a bhain sé amach dá mhac nach minic atá ceannach orthu. Bhí a athair cairdiúil murab ionann is riamh le Villona dá dheasca sin, agus bhí meas dáiríre ar bhuanna ón choigríoch le sonrú ar a iompar. Ní dócha gur thug an t-Ungárach, [ 54 ]a raibh cíocras a dhinnéir ag teacht air, gur thug seisean ceann don mhíníneacht seo áfach.

Bhí an dinnéar ar fheabhas, b’fhíorálainn é. Chomhair Jimmy gur bhéasaí sofaisticiúil é Ségoin. Méadaíodh an chuideachta le Sacsanach óg darb ainm Routh a bhfaca Jimmy i dteannta Ségouin in Cambridge é. D’ith agus d’ól na fir óga le chéile i seomra seascair a bhí faoi sholas lampaí coinnle leictreacha. Bhíodar ag stealladh cainte agus is beag dúnáras a bhí orthu. Shamhlaigh Jimmy, a bhí a íomháineacht ag múscailt ann, shamhlaigh óige bhíogúil an Fhrancaigh casta go healaíonta timpeall chreatlach dhaingean dhóigh an tSacsanaigh. Samhlú grástúil, a mheas sé, agus samhlú cruinn. Chuaigh an stuaim lenar stiúir a dtíosach an comhrá i gcionn air. Bhí a luí féin ag gach aon duine den chúigear fear óg agus ligeadar scód lena dteangacha. Le hurraim is le meas thosaigh Villona ag cásamh dul i léig na sean-uirlisí ceoil agus ag míniú áilleacht an madrigal Sacsanach don tSacsanach, rud a chuir pas beag ionaidh airsean. Thug Rivière faoi mhíniú bhua na n-inneall Francach do Jimmy, míniú nach raibh gan chlaonadh. Bhí guth glórach an Ungáraigh ag fáil an chinn ab fhearr ar an chomhrá agus é ag déanamh fonóide faoi liúiteanna bréagacha na bpéintéirí rómánsacha nuair a threoraigh Ségouin a chuideachta i dtreo chúrsaí polaitíochta. Seo ábhar cainte a d’fheilfeadh do chách. San atmaisféar spreagúil ann, bhraith Jimmy dúthracht cheilte a athar ag borradh istigh ina chliabh: chroith Jimmy Routh as a spadántacht faoi dheireadh. Mhéadaigh teocht an tseomra faoi dhó agus d’éirigh dualgas Ségouin níos deacra agus níos deacra fós le gach nóiméad: bhí [ 55 ]baol ann go fiú go dtagadh gangaid idir na fir. D’ardaigh an tíosach airdeallach a ghloine ar son na daonnachta nuair a tháinig an deis agus, nuair a óladh faoina tuairim, leath sé an fhuinneog go drámata.

An oíche sin bhí masc príomhchathrach á chaitheamh ag an chathair. Shiúl an cúigear fear go réidh síos faiche Stiofáin faoi shláimín deataigh cumhra. Labhraíodar go glórach aerach agus bhí a bhfallaing ar liobarna óna nguallaí anuas. Lig na daoine slí dhóibh. Ag coirnéal Shráid Grafton bhí fear beag ramhar ag cur bheirt bhan uasal dóighiúl ar chóiste faoi chúram fir big ramhair eile. D’imigh an chóiste ar shiúil agus leag an fear ramhar súil ar an chuideachta.

“André.”

Farley atá ann!”

Thosaigh rilleadh cainte. Ba Mheiriceánach é an Fearghaileach. Ní raibh aon duine cinnte céard faoi a bhí an chaint. Ba iad Villona agus Rivière na fir ba ghlóraí, ach bhí spleodar ar gach duine. Chuadar ar chóiste agus bhrúdar go dlúth le chéile uirthi le mórán gáirí. Chuadar tríd an slua, a raibh cumasc tláith dathanna anois air, agus ceol na gcloigíní meidhreacha á dtionlacan. Thógadar an traein ag Rae an Iarthair agus i gceann cúpla soicind, mar a chonacthas do Jimmy, bhíodar ag siúl amach as Kingsbridge Station[2] Bheannaigh an fear ticéad do Jimmy; ba fhear aosta é:

“Oíche dheas, sir!”

Oíche shámh shamhraidh a bhí ann. Bhí an cuan ina luí ag a gcosaibh mar a bheadh scáthán dubhaithe ann. Rinneadar air, ag canadh [ 56 ]Cadet Roussel[3] as béal a chéile agus ag bualadh a gcosa ar an talamh ag gach:

“Ho ! Ho ! Hohe ! , vraiment !”

Chuadar isteach i mbád iomartha ag an fhánán lainseála agus thrialladar ar luamh an Mheiriceánaigh. Bhí suipéar, ceol agus cártaí ag fanacht orthu. Dúirt Villona le díograis:

“Is gleoite é!”

Bhí pianó luaimh sa chábán. Sheinn Villona váls do Farley agus Rivière. Rinne Farley ról an mharcaigh agus ghabh Rivière páirt na mná. Ansin damhsa cearnógach gan ullmhú, na fir ag cumadh cumraíochtaí nua. A leithéid de mheidhir! Ghlac Jimmy a pháirt le fonn; an saol a bhlaiseadh – ba é seo é, ar a laghad. Ansin tháinig giorra anála ar an Fhaircheallach agus ghlaoigh sé “Stop!” Rug fear cuid éadrom na hoíche isteach agus shuíodar síos ag an bhord ar mhaithe le gnás. D’óladar, áfach: ba Bhoihéamach an nós é. D’óladar Éire, Sacsana, An Fhrainc, na Stáit Aontaithe. Thug Jimmy aitheasc, aitheasc fada, Villona ag rá: “Hear! Hear!” gach uair a bhí stad sa spéic. Rinneadh bualadh bos mór nuair a shuí sé síos. Ní mó ná gurbh óráid mhaith í. Thug Farley bos tréaslaithe sna slinneáin dó agus rinne gáire rachtúil. Nach iad a bhí croíúil! Nach maith an comhluadar iad!

Cártaí! Cártaí! Glanadh an bord. D’fhill Villona go ciúin ar a phianó agus sheinn deontraithe dhóibh. D’imir na fir eile cluiche i ndiaidh cluiche, dá gcaitheamh isteach go fonnmhar san fhiontar. D’óladar sláinte an Bhanríon Hairt agus an Bhanríon Muileata. [ 57 ]D’airigh Jimmy lucht féachana agus éisteachta uaidh beagán: ba mhór an léaspairt a bhí sa chuideachta. Bhí geallta arda á n-imirt acu agus thosaigh páipéar ag dul thart. Ní raibh a fhios ag Jimmy go cinnte cé a bhí ag buachan ach bhí a fhios aige go raibh sé féin ag cailliúint. Ach ba airsean a bhí an locht mar gur bhain sé dearmad go minic lena chártaí agus b’éigean do na fir eile an méad a bhí le h-íoc aige a ríomh. Ba ardfhir iad ach ba thrua leis nach stopaidís: bhí sé ag éirí déanach. Mhol duine éigean sláinte The Belle of Newport a ól agus mhol duine éigean eile cluiche mór amháin mar chríoch ar an oíche.

Stop an pianó; caithfidh gur chuaigh Villona aníos ar deic. Ba uafásach an cluiche é. Stadadar díreach roimh a dheireadh chun áidh móir a ól. Thuig Jimmy gurbh idir Routh agus Ségouin a bhí an cluiche. Nach mór an spórt é! Bhí Jimmy ar bís freisin; chaillfeadh sé, ar ndóigh. Cá mhéad a dhíscríobh sé? D’éirigh na fir ina seasamh chun an chleas deiridh a imirt, ag caint agus ag oibriú na lámh. Ag Routh a bhí an bua. Chroith an cábán le gairdeas na bhfear óg agus scuabadh na cártaí le chéile. Thosaíodar ag bailiú isteach an méad a bhuadar. An Fearghaileach agus Jimmy is mó a bhí thíos leis na cluichí cártaí.

Bhí a fhios aige go mbeadh aiféala air ar maidin ach i láthair na huaire bhí sé buíoch den tsos, buíoch den toirchim suain a chlúdódh a bhaois. Lig sé a dhá uillinn ar an bhord agus bhain taca a chinn lena lámha, ag comhaireamh na mbuillí croí in a uisinní. D’oscail doras an chábáin isteach agus chonaic sé an t-Ungárach ina sheasamh i nga solais léith:

“Maidneachan, a fheara uaisle!”

Gluais edit

  1. Dún Laoghaire an t-ainm atá ar an bhaile beag cois cósta anois. Athraíodh a ainm i 1921, bliain roimh neamhspleáchas oifigiúil Phoblacht na hÉireann. Baisteadh Kingstown air céad bliain roimhe sin in onóir chuairt George IV, Rí an Ríocht Aontaithe (tá trácht air siúd sa scéal Lá an Eidhneáin i Seomra an Choiste).
  2. Stáisiún Heuston
  3. Leagan nua Sacsanach den amhrán áitiúil a chum Gaspard de Chenu i 1792 in Auxerre, sa Fhrainc. Cumadh an leagan Sacsanach i 1919 agus canadh é le tionlacan pianó i seónnaí ceoil na gcathracha móra ar fud na Ríochta Aontaithe. Tá sé bhuille i leathchúpla den loinneoig ag deireadh gach véarsa, agus gabhtar na focail mar a bheadh pléascadh gáire iontu. Seo na focail sa bhunleagan: Ah ! Ah ! Ah ! Oui, vraiment... Ba amhrán máirseála mór le rá é an bunleagan in arm na Fraince faoi 1919 agus sin is cúis leis na buillí coise.
   This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

 

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:
 
  
This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.