Codladh dhéanamh go meadhon lae, agus an tuirse bóthair bhí orm chaitheamh dhíom, sin é cheapas a dhéanamh. Níor chodail mé faoi dhíon tighe le mí roimhe sin; agus bhí cineál leisge agus eagla orm i dtosach, na géaga loma shíneadh idir na braithlínibh fuara bána—an leisge chéadna is bhíos ar dhuine ar dhul isteach sa bhfairrge dhó de’n chéad uair ar theacht an tsamhraidh. Is beag nár choinnigh mé orm mo chuid éadaigh, bhí mé chomh sgáthmhar sin! Nach ar na braithlínibh bána sin bhí an fheachaint fhuar choimhthigheach! Tháinic creathadh orm annsin ar an urlár sul ar thug mé an léim....
Acht nuair bhí mé istigh tháinic mo mhisneach ar ais chugam. Shín mé na géaga. Chrap mé suas arís iad. Rinne mé lúb dhíom féin ar nós eascon. Thionntuigh mé ar mo thaobh dheas. Thionntuigh mé ar mo thaobh chlé. Ní túisge ar mo thaobh chlé mé, ná chaith mé mé féin ar chnámh mo dhroma ionnós nach gcaillfinn aon chuid bheag amháin d’aoibhneas agus de shogh na leapthan. Tharraing mé anál fada sásta ar nós duine bhéadh thar éis fleadh ríoghdha chaitheamh. Annsin d’fhéach mé suas uaim ar an síléar, agus thart ar na ballaibh bána, agus anonn uaim ar an dá fhuinneóig bhí druidthe go daingean docht; agus shíleas nach bhfuaireas áit chodalta ariamh bhí chomh h‑áluinn leis an áit a raibh mé....
Cé chodlóchadh i lúb na coille craobhaighe, nó ar thráighlocha, nó ar bhruach sruthalaim clamhsánaig, cuma cé’n fasgadh bhéadh aige ’n‑a leithéidibh d’áit, agus an sogh seo le fágháil aige faoi [ 31 ]dhíon an bhotháin sléidhe dob’ fhogus dó? Tá sé maith go leór ag na filíbh bheith ag trácht ar na coilltibh dubha duaibhseacha, ar ghleanntaibh cheóigh, ar aibhneachaibh glégeala, ar spéarthaibh dubhghorma réaltógacha, ar an ngréin órdha, nó ar an londubh ag cantaireacht ’do chluais ar dhúiseacht dhuit ar maidin; acht thug mé féin mionn agus móid go dtréigfinn an chuid sin de mo shaoghal feasta, agus nach ndéanfainn codladh arís choidhche acht idir dhá bhráithlín i seómra bheag gan puth aéir ag éalughadh isteach orm, acht ballaí bána ’mo timcheall agus síléar bán ós mo chionn.
An tuirse sin, agus an sgíth! Agus caoi agam an sgíth a leigint, agus an tuirse chur dhíom! Bhfuil sogh de shoghaibh éagsamhla an tsaoghail le cur i gcomórtas leis? Ná bí ag trácht ar aoibhneas na bhflaitheas liom-sa: bíonn a fhlaitheas féin i gcroidhe gach duine, agus cá bhfios go réidhteóchadh do cheann-sa liom-sa, ná mo cheann-sa leat-sa. Acht an t‑é nach dtaithnigheann leabaidh bhreagh clúmhaighe leis, an t‑é nach dtaithnigheann piolúr agus adhart agus dhá bhráithlín bhána leis, is duine fealltach cealgach an duine sin. Ná bíodh aon mhuinghín agat as. Ná déan cumann ná bráithreachas leis. Ná déan cáirdeas ná caidreamh leis. Ní duine dá fhocal é....
An fear go mb’fheárr leis spéara dubhghorma réaltógacha ós a chionn ná síléar deas, an fear go mb’fheárr leis luighe ar an talamh faoi sgeich bhlathmhair chumhartha ná dhul isteach idir dhá bhráithlín, bí ar t’aire ar an duine sin. B’fhéidir [ 32 ]gur file é, acht mar sin féin, seachain é. Tréigfidh sé i mbearnain an bhaoghail thú.
Cheapas féin é sin, ar chaoi ar bith, agus mé ’mo luighe sa seómra bheag bhán idir na bráithlínibh míne thar éis mí chaitheamh gan cnámh mo dhroma shíneadh ar leabaidh ná ar tholg.
Dhearg mé an phíopa agus chuir mé gail bhreagh ghorm éadtrom i n‑áirde uaim; agus dob’ áilne an crot tháinic ar an deatach sin ná aon chrot dá bhfaca me ar néaltaibh neimhe le eirghe gréime ariamh....
Chaith mé sgathamh deas ag féachaint ar néaltaibh an tobac bhí ag snámh go h‑aérach ós mo chionn agus mé sásta leis an saoghal aoibhinn seo.
An goradh tháinic ’mo bhallaibh beatha! Ná tráchtar liom-sa feasta ar an ngoradh tig ó’n ngréin agus tú ’do luighe ar do shuaimhneas ar phlásóig chaonaigh i dtosach an lae; ná tráchtar liom ar an ngoradh thig ó theinidh mhaith mhóir oidhche sheaca agus an domhan faoi chuing oidhre; ná tráchtar liom acht oiread, ar an ngoradh thig ó chneas an té dob’ annsa leat sa saoghal agus an bheirt agaibh le chéile i mbéal an uaignis; ná labhartar liom ’n‑a dtaobh, mar ní’l aon ghoradh díobh gur fiú cainnt air i gcomórtas leis an ngoradh thig i gcnámhaibh agus i ngéagaibh duine istigh idir dhá bhráithlín thar éis achar fada chaitheamh faoi spéarthaibh neimhe. Níl goradh ann go dtí é. Níl sogh ann go dtí é. Níl sástacht colna ann go dtí é....
An bhfaca tú naoidhneán ráite ’n‑a luighe n‑a pheilt ós comhair teineadh ariamh? Ar thug tú faoi deara chomh sásta suaimhneach is bhíos sé? [ 33 ]Síneann sé na géaga beaga boga fionnruadha uaidh. Crapann sé suas arís iad. Tig drithle an aoibhnis n‑a shúil leath-dhúnta. Cuireann sé “glú-ú-ú-ó-ó” uaidh le teann compóirte. Déanann sé lúb dhe féin le sástacht. Is amhlaidh bhí an sgéal agam-sa agus mé ag cur tuirse agus anró an bhóthair dhíom idir na bráithlíníbh glana bána. Mara ndeárna mé liathróid dhíom féin ar nós an naoidhneáin, ní ar an toil bhí an locht acht ar an gcnámh....
Thosuigh na smaointe ag brughadh isteach orm. Smaointe aisteacha fánacha bhí i gcuid díobh; acht ní túisge bheadh ceann díobh ag préamhú nó ag neadú ’mo inntinn ná dhíbhreóchadh ceann eile é. Bhíodar ag teacht chugam i ndiaidh chéile, agus os cionn a chéile, agus i n‑aoinfheacht le chéile—smaointe fánacha seachránacha bhí ar fuaidreamh ar fud na cruinne leis an tsíoraidheacht, ag iarraidh áit le neadú agus le borradh agus le méadú, agus é ag cinnt orra go bhfuair siad an duine deórata dearóil seo ’n‑a luighe idir na bráithlínibh neamhghnáthacha.
Nach mé rinne troid agus comhrac leó! Nach mé rinne coraidheacht agus coimhlint leó! Shíl mé breith ar cheann díobh agus an fhuil agus an bhrígh agus an súgh fháisgeadh as; acht d’éaluigh sé uaim. Ní raibh aon bhreith agam air, acht an oiread is bheadh agam ar mhaide gréine....
Acht ní túisge d’éaluigheadh ceann ná thigeadh ceann eile, bhí i bhfad níos measa, ’n‑a ionad. Shíl mé gan áird thabhairt orra olc maith ná donaidhe: annsin d’éirigh siad dásach dána ar fad. Ba gheall le scata deamhan magamhail iad dom’ chiapadh agus dom chrádh....
[ 34 ]Bhí an lá ag gealadh. Ní raibh aon ghar agam codladh a dhéanamh. Is beag nár sgar mé go deó le bráithlínibh míne, le ballaibh bána, le tighthibh teólaidhe, le leabachaibh compóirteamhla, clúmhaighe agus imtheacht le comhnuidhe dhéanamh faoi ’n spéir arís—acht, thuit néal orm, aon néal beag bídeach fánach amháin....
* * *
Dúisigheadh mé de gheit.
Thionntuigh mé ar mo thaobh. Chuir mé leath-chluais orm féin. B’fhacas dom gur buaileadh rud éigin i n‑aghaidh na fuinneóige.
“An bháisteach mhór,” arsa mise liom féin. “Cuma liom má dhéanann sé clagairt. Ní éireóchaidh mé indiu ar chor ar bith,” agus tharraing mé na héadaigh leapthan ’mo thimcheall.
Thosaigh mé ag cóireamh annsin ar eagla go dtiocfadh sean-námha an mhí-chodalta orm arís. Níor tháinic. Thuit néal eile orm....
An torann ag an bhfuinneóig arís! Céard bhí ann? Bhí mé ró-leisgeamhail éirghe. Bhí mé ró-leisgeahmail súil féin osgailt. Acht chuir mé cluas orm féin i n‑aimhdheóin mo thola.
Ní’l aon bhreitheamhnas ag duine ar ghluaiseacht aimsire idir codladh agus dúiseacht dó; ní raibh fhios agam cé’n t‑achar d’imthigh go dtáinic an torann arís. Acht tháinic sé. D’osgail mé súil. D’osgail mé an tsúil eile....
Bhí duine éigin amuigh ag caitheamh gainimh leis an bhfuinneóig, ag iarraidh mé dhúiseacht. Ní hí mo bheannacht fuair an duine sin, deirim-se leat....
[ 35 ]Chualas an glór amuigh, glór mná. D’aithnigheas a glór, agus nuair d’aithnigh, dhúisigheas i gceart. Ní bheadh “Dia le m’anam” ráidhte agat go raibh mé ar an urlár; acht bheirim mo mhionn agus mo mhóid nach n‑éireóchainn as an leabaidh bhreagh sin ar aon ghlór eile dá bhfuil ar an saoghal.
Acht ise—cé clisfeadh uirri?