An raibh sé n‑a lá?
Ar osgailt na súl dhom chonnaiceas réaltóg mhór gheal crochta ar an spéir ós mo chionn n‑a lóchrann áluinn aoibhinn agus í ag deallramh anuas orm trí lom-ghéagaibh crainn fuinnseóige bhí le m’ais; bhí bealach na bó finne n‑a bhothar airgid treasna na spéire—an té go mbéadh a anam n‑a dhúiseacht i gceart chidhfeadh sé na sluaighte aingeal ag gabháil an tslighe sin; réaltóg eile nár aithnigheas ag bun na spéire thoir, agus leis an spréacharnaigh bhí ó’n réalt sin sílteá go raibh ceól neimhe ghá ghabháil aici acht nach bhféadfá an ceól sin a chlos mar gheall ar locht éigin daonna ar do chluais nó i do chroidhe féin.
Corruigheadh na géaga loma bhí ar an gcrann fuinnseóige ós mo chionn; corruigheadh gach luibh agus lus dá raibh thart orm; seadh an ghaoth imeasg na gcraobh dar leat-sa, acht ní chreidim-se a leitheid, agus nach bhfuil an oiread de’n cheart agamsa a rádh nach cumhacht saoghalta, nach í an ghaoth bhí ag déanamh an ghnímh is tá agat-sa a mhalairt a rádh?
Bhí an oidhche chomh ciúin is a bhfaca tú ariamh, gan smathamh as aér, gan torann dhá laghad, gan fuaim dhá laige le clos, go dtí gur thosuigh an ceól seo sna craobhachaibh—má cheapann tú gurbh é ceól na gaoithe bhí ann an misde dhuit innseacht dom cé’n chaoi ar chualas mar bheadh na mílte míle fear beag bídeach ag tarraint síoda drithleannach ar an bhféar feósaidhe le m’ais?
[ 22 ]An ghaoth imeasg na gcrann! A amadáin an tsaoghail seo....
Fuaim eile: crann mór cnóchapaill bhí ar mo láimh dheis agus d’éirigh sna craobhachaibh b’uachtaraighe dá raibh air. Bhí rud mór trom éigin ag tuitim anuas ar thalamh agus ag bualadh i n‑aghaidh na ngéag agus na gcraobh bhí roimhe sa tslighe. Céard bhí ann? Bhí an ceól bhí sna lom-gheaghaibh ar ball beag thart faoi seo, agus an oidhche chomh ciúin le aon oidhche dá dtáinic ariamh agus gan fuaim le clos acht an torann seo bhí i n‑áirde i ngéagaibh uachtaracha an chrainn chnóchapaill—rud mór trom éigin ag tuitim anuas ó chraoibh go craoibh go mall agus go millteach i gciúineas na hoidhche.... Tháinic sgannradh ar mo chroidhe agus mé ’mo luighe annsin faoi’n gcrann ’san oidhche; acht ní sgannradh saoghalta tháinic orm. Ní headh ar chor ar bith acht uamhan roimh chomhachtaibh diamhra nár thuigeas...
Bhí sé ag tuitim anuas, ag tuitim anuas i gcomhnaidhe agus an torann bhí uaidh ag dul i méid gur cheapas go raibh aingeal nimhneach feargach ag caitheamh réaltóg liom nach raibh mé dílis do m’anam féin...
Sa deireadh thuit an rud le m’ais. Ar lic thuit sé—an torann sin i gciúineas na hoidhche! Agus gan ann acht cnó-capaill, an ceann deireadh dá raibh ar an gcrann sílim.
Dúisigheadh éan beag sa sgeich. Bhain an chréatúr bocht creathadh as féin. Thug léim ó’n [ 23 ]gcraoibh go bhfuair áit comhnaidhthe agus codalta dhó fhéin ar chraoibh eile. Ní fhacas féin é acht bhí fhios agam go ndeárna sé mar dubhras, mar chuir sé dá ghíog uaidh ceann ar gach aon chraoibh sul má tháinic a shuan agus a shámh-chodladh air arís. Éan eile bhí ann, ulchabhán de chinéal nach bhfeictear agus nach gcluintear acht go fíor-annamh, agus chuir seisean cor codramánta dhe. Labhair sé go codlatach agus go tuirseach n‑a chanamhaint féin, díreach is dá mbéadh sé ag iarraidh chur i gcéill do mhíoltaibh is d’éanlaith na hoidhche cé’n doilgheas bhí ar a chroidhe go raibh a chineadh beagnach sguabtha de thalamh na hÉireann. Acht níor tugadh aon áird ar a ghlór ná ar a bhrón acht an oiread is tugadh ar ghlór luinduibh chuir an chéad shiolla dá cheól áthasach féin dhe.
Agus bhí a lán eile de chlannaibh na ngob agus na sgiathán ann a dhúisigh, agus thug cor agus rinne ceól de réir a ndúthchais, acht nach raibh eólas beacht agam féin cé na treibheacha de sheacht sgór dár díobh iad. Ní raibh d’eólas agamsa acht gur dhúisigh gach ceann díobh: gur thug cor, gur labhair ar a nós féin; ’tuige ar chorruigheadar agus ’tuige ar labhradar agus gan baoghal air bheith n‑a lá?
Bhí asal ceangailte i n‑aice liom—m’asal beag dubh féin. Bhí sé n‑a luighe ar an talamh gan cor as. Thóg seisean a cheann agus labhair sé go bríoghmhar dána. Rinne bó bhí sgathamh uaim géimneach. Rinne searrach seitreach. Rinne caora méidhleach. Rinne mé féin brón agus doilgheas....
[ 24 ]Agus dá dtuigfinn i gceart é, bhí an saoghal mór aisteach seo ag déanamh bróin. An réaltóg bhí crochta sa spéir thoir, an crann a shil a chnó deireannach, an t‑éan a dhúisigh agus a chan cuid dá chuid ceóil, an t‑ainmhidhe labhair go huaigneach san oidhche—ag déanamh bróin agus osnaighil bhíodar uile. An domhan mór tacach féin, rinne seisean osna chomh maith le cách....
Agus mé féin, chorruigh mé. Leig mé osna. Labhair mé:
“A Dhía Mhóir na Glóire!” arsa mise....
Annsin cuireadh i dtuigsint dom go raibh mé i bhfiadhnaise ceann de na míorbhuiltibh is mó dá bhfuil ann, go raibh mé ag féachaint ar agus ag éisteacht leis an saoghal ghá dhúiseacht, agus ní dúiseacht na maidne é, acht an dúiseacht thárluigheas tráth éigin gach oidhche sa mbliadhain nuair chuireann gach nidh dá bhfuil beó ar dhruim na talmhan cor agus osna dhe. An tráth céadna gach oidhche déanann gach luibh agus éan is ainmhide is duine an brón céadna—agus cé’n tráth é sin acht an tráth céadna ar thogh Lucifer a mheirg le dhul i n‑éadan an Dé chruthuigh é....
D’fhéach mé ar an réaltóig bhí ar crochadh sa spéir thoir; d’fhéach mé ar an gcrann shil a chnó deireannach: d’fhéach mé mar a raibh an t‑éan labhair go doilgheasach ar an ngéig:
“A Dhía Mhóir na Glóire!” ars’ an réaltóg.
“A Dhía Mhóir na Glóire!” ars’ an t‑éan.
Agus annsin tógadh mo chroidhe agus m’anam go ndubhras féin de ghuth mhór dúthrachtach.”
“A Dhía Mhóir na Glóire!”
Agus thuit mo chodladh orm arís....