Bean Torrach, fa Tuar Broide
Bean torrach, fa tuar broide,
do bhí i bpríosún pheannaide,
berar dho chead Dé na ndúl,
lé leanabh beag sa bhríosún.
Ar n-a bhreith do bhí an macámh
ag fás mar gach bhfochlocán,
dá fhiadhnaibh mar budh each dhún,
seal do bhliadhnaibh sa bhríosun.
An inghean d’fhagháil bhroise —
meanma an leinbh níor lughaide,
sí dhá réir gé dho bhaoi i mbroid,
mar mhnaoi gan phéin gan pheannaid.
Do shoillse an laoi níor léir dhóibh
acht a bhfaicdís – fáth dobróin! –
do dhruim iodhan an achaidh
tré ionadh thuill tarathair.
Mun n-orchra níorbh ionann dál
dá mháthair is don mhacámh;
do aithrigh dealbh dá dreich gil
is an leanbh ag breith bhisigh.
An leanbh dá oileamhain ann
dob fheirrde aige an fhulang,
níor léir don bharrthais óg úr
nárbh fhód Parrthais an príosún.
Seisean ag breith ruag reabhraidh,
sise ag dul i ndoimheanmain;
mairg, thrá, nach tiobhradh dá aoidh
ionnramh na mná 'sa macaoimh.
Ar bhfaicsin déar ré dreich ngil,
ráidhis an leanbh lá éigin:
ó tharla a fhuidheall ar mh’óidh,
cluineam damhna do dhobhróin.
Neimhiongnadh gé dho-neinn maoith,
ar sise, a leinibh lánbhaoith;
is rian cumhang nár dhleacht dún,
teacht d’fhulang pian i bpríosún.
An bhfuil, ar sé, sódh eile,
is aoibhne ná ar n-innmhine,
nó an bhfuil ní as soillse ná so,
ó dho-ní an toirse tromsa?
Dar linn, ar an leanabh óg,
gé taoi brónach, a bheanód,
is léir dhúin ar ndíol soillse,
ná bíodh ar th’uidh attuirse.
A n-abrae ní hiongnadh dheit,
ar an inghean, a óigmheic;
dáigh treibhe an teagh do thoghais –
treabh eile ní fhacadhais.
Dá bhfaictheá a bhfacaidh meise,
ré dteacht don treibh dhoircheisi,
do bhiadh doimheanma ort ann,
do phort oileamhna, a anam.
Os agadsa is fhearr a dhearbh,
a inghean, ar an t-óigleanbh,
ná ceil foirn fionnachtain de,
do mhoirn d’iomarcaidh oirne.
Loise an tsaoghail mhóir amuigh,
is eadh tháirreas ó thosaigh;
mé i dtigh dhorcha 'na dheaghaidh,
a fhir chomtha, is cinneamhain.
Le cleachtadh deacrachta dhe,
's nach fuair sé sódh is aoibhne,
níor cheis a ghruadh ghríosúr ghlan
ar an bpríosún bhfuar bhfolamh.
Baramhail do-bearthar dún —
an dream do bhí sa bhríosún:
lucht an bheatha cé an cúpla,
a ré is beatha bhríosúnta.
Ag féachain meadhrach Mheic Dé,
flaitheas aga bhfuil buainré,
cúis bhróin beatha gach dúnaidh,
slóigh an bheatha is bríosúnaigh.
This work was published before January 1, 1929, and is in the public domain worldwide because the author died at least 100 years ago. |