181730Catilína — IIPeadar Ua Laoghaire

[ 1 ]II. As san, i dtusaċ bára, d’oibriġeaḋ cuid de sna ríṫiḃ (mar siné ainim a ḃí ar dtúis ar ḟorláṁas) a n-aigne agus d’oibriġeaḋ cuid acu [ 2 ]neart a gcuirp: agus an uair sin, leis, do ṁaireaḋ na daoine gan sainnt; gaċ duine sásta le n-a ċuid féin. ’N-a ḋiaiḋ san, áṁṫaċ, nuair a ṫosnuiġ Cúrus sa n-Ásia, agus na Lacedemónaiġ sa Ġréig, ar ċaṫraċaiḃ agus ar ġeintiḃ do ṫaḃairt fé n-a smaċt agus ar ċogaḋ ḋéanaṁ le corp dúil i ḃforláṁas agus ar a ṫuisgint ’n-a n-aigne gur sa n-ímpireaċt ba ṁó a ḃí an clú ba ṁó, ansan iseaḋ do tuigeaḋ, tré ṁéid na contaḃarṫa agus tré iomadaṁlaċt na ngnóṫaí, gur ar neart aigne is mó a ḃíon cogaḋ ag braṫ. Agus dá mbeaḋ neart aigne na ríġṫe agus na n-ímpirí ag obair ċóṁ láidir i n-am síoṫċána agus a ḃíonn sé nuair a ḃíon cogaḋ ’á ḋéanaṁ, ḃeaḋ gnó na ndaoine níos socara agus níos leanaṁnaiġe do réir a ċéile, i n-inead neiṫe ḃeiṫ ag gaḃail bun os cionn le n-a ċéile agus ag aṫarú agus ag measgaḋ ar a ċéile mar a ċítear. Mar, an saoṫar céadna le n-a ḃfuaraḋ an forláṁas, is leis a cimeádtar é. Aċ nuair a ṫagan leisge i n-inead an tsaoṫair, agus nuair a ṫagan uaḃar agus drúis i n-inead cirt agus deaġ-iompair imṫiġeann an séan agus na deaġ-ḃéasa i n-aonḟeaċt. Ar an gcuma san téiḋan cóṁaċt i gcóṁnuiġe ċun an ḟir is fearr, ó’n t-é ná fuil ċóṁ maiṫ leis.

Nuair a deintear treaḃaḋ, nú luíngseóireaċt, nú foirgneaṁ, géilleann gaċ níḋ do neart na h-aigne. Aċ tá mórán daoine agus ní’l suím acu aċ ’n-a mbolg, gan múine gan oileaṁaint caiṫid siad a mbeaṫa ar nós luċt fáin, breugnuiġid siad nádúr an duine, mar sa ċolainn a ḃíon a sólás agus is ualaċ dóiḃ a n-aigne. Dar liom is cuma beó nú marḃ iad mar ní ḃíon tráċt [ 3 ]beó ná marḃ orṫu. Deirim le fírinne, gur b’é duine atá beó, agus a ṁoṫuiġean a ḃeaṫa, ná an t-é atá sáiḋte i n-obair éigin agus atá ag déanaṁ a ḋíṫil ċun clú ċur i n-áiriġṫe ḋó féin le gníoṁ uasal nú le h-ealaḋain ḟóġanta. Táid na n-oibreaċa le déanaṁ iomadaṁail, aċ cuirfiḋ a nádúr féin duine ar obair agus duine eile ar obair eile.