Irish Minstrelsy Vol 2/Le h-ais na Súire

Irish Minstrelsy, Vol. 2 by Eoghan Rua Ó Súilleabháin
Le h-ais na Súire

[ 94 ]


LE H-AIS NA SUIRE.

Eoghan ruadh O’Súilliobhán ró chan.


Maidin drúchda le h-ais na Súire, ’s mé támhach, lag,
faon,
Do dhearcas Cúil-fhionn mhaiseach, mhúinte, ghrádhmhar
sheímh,
’N a raibh an lile ag súgradh tre luisne lonnrach, mar
sgáil na g-caor,
Gan time a n-gnúis ghil an leinbh ionnraic, do b’áluinn
sgéimh.

Is blasda, búidheach, beacht do bheanduigh dúinne, ’s is
páirteach, séimh,
Is tapaidh d’úmhluígheas le’m h-ata cúingeach, a’m
láimh go féur;
Air amharc ghnúise a’s phearsan chúmtha na báibe is
léir,
Gur chealg Ciúpid le dartaibh tiúgha mé, tré lár mo
chléibh.


[ 96 ]

D’ fiosruígheas-sa go milis, muínteardha, de ghrádh mo
chléibh,
Ar bh’isi an aoíl-chneis le’r tugadh Líonnruith, a’s ár na
Traodh?
Nó an Mhiochair, mhín, mhaiseach chuir na mílte, le
fán an t-saoghail,
As gallaibh coímhidhtheach ná’r cheannuigh Iosa, ’n a
stáit faoí réim?

Freagair sinn, a ghean mo chroídhe, an tú an bháb do
thréig,
An fear dobhídh aici a g-ceangal cínnte, le grádh do’n
bh-féinn;—
Nó an Ghallain ghrínn do bhailigh Naoíse, tar saíle a
g-céin,
Thug treasgairt laoích a g-cath na craoibhe, a’s ár na
g-céud?

Nó an bhean do líng mar cheapaid druídhthe, fáigh a’s
éigs’,
Le h-ais an Flíos thug scata laoích, tar sáil do’n
n-gréig?
Nó an tú do dlígheadh le cumann díograis, páirt a’s
géill,
Le Connal ríoghdha a g-cumas ríoghachta, ghabháil ’n a
dhéigh?


[ 98 ]

D’fhreagair sí go blasda sínn, a’s í tál na n-déar,
Ní ceachdar díobh d’ár ainmníghis, a’d ráidhtibh mé;
Acht bean dobhídh fá ghradam ríoghachda, tráth dhe’m
shaoghal,
A g-ceannas críche sean a’s seinsear, Ard-scoith
Gaédhal.

An tan feasadh línn, cia an bhean dobhídh liom, tráth
ag pléidh,
Do ghlacas baoís, air mhachtnamh ínnste, dáta an scéil,
Gur labhair sí, go blasda, bínn, gan tlás a ngaodhailg;
"Seachain caoídh, agus glacaidh íntinn, árd a’s réim.

"Is geárr an mhaíll, go bh-feicfir buídhean, tar sáile
ag téacht,
Go lannach, líonmhar, a marcaibh dídheanmhar, gan
sgáith roimh philléir,
Ag glanadh críoch chlanna Gaoídheal, le h-árd-mhac
tréun,
O’n aicme chlaoín ná’r ghreannuigh Críost, ’s beidh an
lá ag mo laéch."

Air aithris suíme, gach aiste scríobhas, do’n m-bán-chneis
t-séimh,
Budh cneasda gnaoídh, budh blasda laoídh, a’s do b’áilne
sgéimh;

[ 100 ]

Is tapaidh sgíor, chum reatha arís, a’s d’fáig mé a
b-péin,
An tan beartuígheadh línn, gur bh’aisling druídheachta,
a ráidhte béil.

Aithcim íosa, do cheannuigh sínn, a’s fuair páis a’s
péin,
Go d-tigidh an nídh a g-ceart chum críche, a d-tráth gan
bhaéghal,
Go bh-feiceam díbirt, scaipeadh a’s sgeímhle, a’s ár le
faébhar,
Air aicme an fheíll, tar n-ais arís, sin críoch mo
sgéil.