Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 1/Uimhir 1/Aondacht na Gaedhilge

Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar I, Uimh. 1 by Dubhghlas de hÍde
Aondacht na Gaedhilge
[ 6 ]

AONDAĊT NA GAEḊILGE


Leis an g-Craoiḃín Aoiḃinn.

’Sí Aondaċt na Gaeḋilge a ṫuilleas an
ġlóir,
D’Aondaċt na Gaeḋilge go raiḃ an onóir,
Do ṡaorṫuiġ go láidir, agus d’oibriġ go mór
Ċum an leaḃairín breáġ so do ċur ós ár
g-cóṁair.
Le congḃáil beo
Na teangan is sine,
Tá an leaḃairín so
Anois air bun:
Tá gráḋ, tá dúil
Tá dóṫċas linn-ne,
Ná leig air g-cúl
An gráḋ ’s an fonn.
Ḃí an Ġaeḋilig leaṫ-ċráiḋte ’gus múċta
faoi ċeo,
Dob’ ionnan a’s marḃ í, caillte, leaṫ-ḃeo,
Aċt fáilte, ’gus fáilte, ’gus fáilte go deo

[ 7 ]

Roiṁ na daoiniḃ a ṡeas ins an m-beárna
mar ṡo.
Le coimeád beo
An ġlóir is binne,
Cuireaḋ i g-cló,
Ár leaḃairín:
A’s mar is cóir,
Cuiṁneoċaiḋ sinn-ne
Go bráṫ an glór
Mór, milis, mín.
Ná biḋeaḋ aon scoilt, no aon imreas le
fáġail,
A ġortóċaḋ ár g-cúis no a ṁillfeaḋ ár
g-cáil,
Aċt Foiġid agus Carṫanaċt ċoiḋċe mar ḟál;
Is féidir leo duine no cuideaċt ṡáḃáil.
A’s coinniġ fós
Ó ḋearmad grána,
Plúirín a’s rós
Na d-teangan breáġ:
Má ṫámuid féin
Go díleas, dána,
Ní ṫiocfaiḋ leun
Uirre no cráḋ.

Saṁain, 1882.