Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 4/Uimhir 48/Díorfach Dúin-Alt

[ 244 ]

SPOKEN GAELIC OF DONEGAL.

J. C. WARD.


[ 244 ]

Díorfaċ Dúin-Alt.

Ḃí sin ann mar is fada ó ṡoin a ḃí fear ’na ċóṁnuiḋe i n-Dún Alt a d-tugaḋ siad an Díorfaċ air. Ní raḃ clann aige, giḋ go raḃ sé pósda le corraḋ ⁊ fiċe bliaḋain. Chuir so imníḋe ṁór air, mar ḃí sé an-ṡaiḋḃir ⁊ mar naċ raḃ daoine muintearḋa air biṫ aige le n-a ċuid maoin a ḟágḃail aca. Lá aṁáin d’eiriġ sé go moċ air maidin, ⁊ d’iarr sé air a ṁnaoi lón a ḋeanaḋ ḋó, go d-téiḋeaḋ sé ḋ’ aṁarc air a ċuid eallaiġ a ḃí giota fada air ṡiuḃal ó’n ḃaile aige. Riġne sí sin, ⁊ d’imṫiġ sé. Nuair a ċonnaic sé an ċuid buḋ ṁó díoḃṫa, ⁊ ḃí sé sáruiġṫe, ṡuiḋ sé síos air ṫurtóig le na sgíṫisde a ḋeanaḋ. Tharraing sé amaċ an tuirtín a ḃí leis mar lón ⁊ ṫoisiġ sé ’ga íṫe. Níor ḃ-fada go d-táinic fear beag ribíneaċ ruaḋ ċuige ⁊ d’ḟiafruiġ sé ḋe an d-taḃairfeaḋ sé dadaiḋ de’n ḃunnóig dó. Bhéarfad ⁊ céad míle fáilte, ars an Díorfaċ, no ní’l móran ocrais orm-sa, ⁊ da m-beiḋeaḋ féin ní raḃas ariaṁ naċ rannfainn. Shuiḋ an fear beag ribíneaċ ruaḋ síos ⁊ d’ iṫ siad araon go raḃ siaḋ súḃaċ, sáṫaċ. Leig an Díorfaċ osna ṁór as ⁊ d’ḟiosruiġ an fear beag cad é aḋḃar a imníḋe. D’ innis an Díorfaċ dó, go raḃ sé gan clann a ḃ-fuigfeaḋ sé a ṡaiḋbreas aca. “Ní ḃéiḋ tú mar sin” ars an fear beag ruaḋ; “trí ráiṫċe o’n oiḋċe anoċt béiḋ ḋá ṁac aig do ṁnaoi, ḋá ṡearraċ aig do ċapall, ḋá coilean aig do ċú ⁊ ḋá eun aig do ṡeaḃac. Thainic an Díorfaċ aḃaile go luaṫ-ġáireaċ ⁊ tárla mar h-innseaḋ dó. Ḃí ḋá ṁac aig na ṁnaoi ⁊ baisdeaḋ Donn ṁac An Díorfaiġ air ḋuine aca ⁊ [ 245 ]Duḃ ṁac An Díorfaiġ air an duine eile. D’ ḟás siad suas ’na m-buaċaillíḋe bréaġṫa; méid biseaċ naċ d-tigeaḋ orra san oiḋċe go d-tigeaḋ sé orra ’sa lá, ⁊ méid biseaċ naċ d-tigeaḋ orra ’sa la go d-tigeaḋ sé orra ’san oiḋċe go raḃ siad bliaḋain ⁊ fíṫċe de aois.

“Mo ḋona ⁊ mo ḋúirne orm” arsa Donn “go n-imeóċaiḋ mé go ḃ-feicdíḋ mé níos mó de’n tír ’ná tá le feicrint ins an ċlúid so.” Chuir so buaiḋreaḋ mór air a aṫair ⁊ air a ṁáṫair, ⁊ riġne siad a n-dí- ċeall é ċongḃail aċt ní raḃ gar dóiḃṫe ann. Nuair a ċonnaic siad naċ raḃ cong- ḃail air, ṫug siad cead a ċinn do ⁊ d’imṫiġ sé leis, a ċú le n-a ċois, a ṡeaḃac air a ḃois ⁊ a eaċ caol donn faoi n-a ṫóin, go m-bainfeaḋ sé ribe de’n ġaoiṫ ⁊ naċ m-bainfeaḋ an ġaoiṫ ribe ḋe. Shiúḃail sé leis mar sin go d-tainic neóin ḃeag ⁊ deireaḋ an lae, ⁊ go raḃ eunaċa beaga na coilleaḋ craoḃaiġe aig dul faoi ṡúain ⁊ síor-ċoḋlata. Ní ḟacaiḋ sé teaċ mór a ḃ-fad uaḋ no teaċ beag ’ndeas dó aċt caisleán mór aṁáin. Tharraing sé air go dian ⁊ go deifreaċ ⁊ ċuaiḋ isteaċ. Cuireaḋ fearaḋ na fáilte roiṁe ⁊ riġneaḋ an-ṁór de, mar buḋ leur dóiḃṫe gur duine uasal a ḃí ann. Thainic maiġistir an ċaisleáin é féin ⁊ ṫug leis ann a’ ṗárluis é, ⁊ ċaiṫ siad trian na h-oiḋċe le fiannuiġeaċt, trian le sgeulaiġeaċt ⁊ trian le soireann suain ⁊ síor-ċoḋlata. Lá air na ḃáraċ ċonnaic Donn inġean an duine uasail ⁊ ṫuit sé i ngráḋ léiṫe ⁊ ise mar a g-céadna leis. D’ iarr sé air a h-aṫair í le pósaḋ ⁊ fuair sé í. Cuireaḋ cruinniuġaḋ air ṁór-uas- laiḃ ⁊ air ḃeag-uaslaiḃ n-a tíre a lig, ⁊ riġneaḋ banais ċúrṫa, ċárṫa, a ṁair naoi n-oiḋċe ⁊ naoi lá ⁊ gur b-fearr an lá deirionnaċ ná ’n ċeud lá.

Air maidin an lae i ndéiḋ na bainnse, nuair a ḃí Donn Ṁac An Díorfaiġ aig eiriġe, d’aṁarc sé amaċ, ⁊ ċonnaic sé gearrḟiaḋ an taoḃ amuiġ de’n ḟuinneoig buḋ deise ⁊ buḋ ḃréaġṫa ar ṡoillsíġ grian nó gealaċ ariaṁ air. Ḃí fleasg óir air ċúl a ċinn ⁊ fleasg airgid i g-clár a eudain. Dar leis fein gur ḋeas an pronn- tanas so aig n-a ṁnaoi ⁊ ġleus sé air féin le breiṫ air an gearrḟiaḋ ⁊ d’ imṫiġ ’na ḋéiḋ, a ċú le n-a ċois, a ṡeaḃac air a ḃois ⁊ a eaċ caol donn faoi n-a ṫóin, go m-bain- feaḋ sé ribe de’n ġaoiṫ ⁊ naċ m-bainfeaḋ an ġaoṫ an ribe de. Nuair a b’árd dó-san, b’ísiol do’n ġearrḟiad ⁊ nuair b’ísiol dó- san b’árd do’n ġearrḟiaḋ. Ḃí siad mar sin go d-tainic neóin ḃeag ⁊ deireaḋ an lae ⁊ go raḃ eunaċa beaga na coilleaḋ craoḃaiġe aig dul faoi ṡuan ⁊ síor-coḋlata. Fá ṫuitim n-a h-oiḋċe ċuaiḋ an gearrfiaḋ isteaċ a m-bruiġin ⁊ lean Donn é. Ċon- naic sé sean-ċailleaċ ’na suiḋe le taoiḃ teineaḋ ⁊ ġáir sí amaċ. “Cé sin a ṁasluiġ Toimidín an lúṫ?” Chuaiḋ Donn suas ann a teineaḋ ⁊ ṡuiḋ an tsean-ċail- leaċ síos aig an doras.

“Cad ċuige naċ suiḋeann tú aníos leis an teiniḋ?” arsa Donn.

“Is doiliġ daṁ” ars an ċailleaċ, “agus go m-buailfeaḋ an beaṫaċ mór sin preab orm, nó go m-bainfeaḋ an beaṫaċ sin eile greim, no ’n an beaṫaċ sin eile gob asam.”

“Da m-beiḋeaḋ dóiġ agam-sa le n-a g-ceangal, ċeanglóċainn iad” arsa Donn.

Tharraing an ċailleaċ trí ribe fionnfaiḋ as poll a h-eascail ⁊ ṡín sí ċuige iad. Cheangail Donn na beiṫiġ ⁊ ṡuiḋ an ċail- leaċ aig an teiniḋ. Níor ḃ’ ḟada ḃí sí ann sin gur iarr sí air Ḋonn a ḋul amaċ ⁊ mart de ċuid an ríġ a ṁarḃaḋ ḋí ⁊ duḃairt sí naċ d-tainic aon duine ann a tiġe ariaṁ naċ dearn sin dí.

“Maiseaḋ” arsa Donn “ní ṫig liom-sa a ḃeiṫ níos measa ná duine eile ḋuit” ⁊ ċuaiḋ amaċ ⁊ ṫug mart isteaċ leis marḃ. D’ ḟeann sé é ⁊ ċaiṫ sé ceaṫraṁaḋ ċuicí. Tharraing sí é ṫríd an ġríosaiġ, ṫríd an ġrásáiġ, ṫríd a fiacla fada buiḋe ⁊ ṡluig sí é.

“Biaḋ, biaḋ nó troid” ars an ċailleaċ.

“Chaiṫ sé ceaṫraṁaḋ eile ċuicí. [ 246 ]Tharraing rí é ṫríd an ġríosaiġ, ṫríd an ġrá- saiġ, ṫríd a fiacla fada buiḋe ⁊ ṡluig sí é.

“Biaḋ, biaḋ nó troid” ars an ċailleaċ.

Chaiṫ sé ceaṫraṁad eile ċuicí ⁊ riġne sí an rud céadna leis.

“Biaḋ, biaḋ nó troid” ars sise.

“Troid a ġeoḃas tú a ċailleaċ ṡalaċ” ars seision, “tá an ceaṫraṁaḋ so beag go leór agam féin ⁊ mo ċuid beiṫiġ.”

Leis sin ṫoisiġ siad aig troid ⁊ aig coraiġeaċt, go n-déanfaḋ siad bogán de’n ċreuġán ⁊ creúgán de’n ḃogán, toibreaċa fíor-uisge i lár na g-cloċ glas; gur ċuir siad cíoṫ fola d’a g-croiceann ⁊ cíoṫ cailce d’a g-cnáṁa; ⁊ dá d-tigeaḋ eun beag ó iaċdar an dóṁain go huaċdar an dóṁain gur ḋ’ aṁarc air ṫroid ⁊ air ċoraiġeaċt na beirte a ṫiocfaḋ sé.

Fá ḋeireaḋ ⁊ fa déiḋionnaċ ḃí sé aig eiriġe leis an ċailleaċ Donn a ḃualaḋ. “Cuideaḋ, cuideaḋ a eiċ” air seision.

“Teann, teann, a ribe ⁊ bain an ceann de’n eaċ” ars an ċailleaċ.

Theann an ribe, ⁊ ḃain sé an ceann de’n eaċ.

“Cuideaḋ, cuideaḋ, a ċú” arsa Donn.

“Teann, teann, a ribe ⁊ bain an ceann de’n ċú” ars an ċailleaċ. Theann an ribe ⁊ ḃain sé an ceann de’n ċú.

“Cuideaḋ, cuideaḋ, a ṡeaḃaic” arsa Donn. “Teann, teann, a ribe ⁊ bain an ceann de’n t-seaḃac” ars an ċailleaċ. Theann an ribe ⁊ ḃain sé an ceann de’n t-seaḃac.

Nuair a ċonnaic Donn naċ raḃ cuideaḋ le faġail aige, ċaill sé a ṁisneaċ ⁊ fuair an tsean-ċailleaċ buaiḋ air. Tharraing sí slat draoiḋeaċda amaċ as a brollaċ ⁊ riġne sí carraigeaċa de ḟéin ⁊ d’a ċuid beiṫiġ.

Bliaḋain i ndéiḋ Doinn imṫeaċt, ċuir Duḃ ann a ċeann go raċfaḋ sé ḋa ċuar- tuġaḋ. Riġne an t-aṫair ⁊ an ṁáṫair a seaċt n-díċeall é ċongḃáil aċt ní raḃ gar dóiḃṫe ann. Duḃairt sé naċ g-coḋlóċaḋ sé ḋá oiḋċe in aon teaċ nó naċ g-caiṫfeaḋ sé dá ṫráṫ bíḋ aig aon ḃórd go ḃ-fáġaḋ sé tuaraisg air a ḋearḃraṫair; ⁊ d’imṫiġ sé leis, a ċú le n-a ċois, a ṡeaḃac air a ḃois ⁊ a eaċ caol donn faoi n-a ṫóin go m-bain- feaḋ sé ribe de’n ġaoiṫ ⁊ naċ m-bainfeaḋ an ġaoṫ ribe de, go d-tainic neóin ḃeag ⁊ deíreaḋ an lae ⁊ go raḃ eunaċa beaga na coilleaḋ craoḃaiġe aig dul faoi ṡoireann suain ⁊ síor-ċodlata. Ċonnaic sé cais- lean mór a ḃ-fad uaḋ ⁊ ṫarraing air go dian, deifreaċ ⁊ ċuaiḋ isteaċ. Cuireaḋ fearaḋ na fáilte roiṁe ann sin, ⁊ ṫainic bean uasal óg áluinn aníos ⁊ ṗlúċ sí le pógaiḃ é, ḃáiṫ sí le deóraiḃ é, ⁊ ṫiormuiġ sí le brat síoda ⁊ sróil é. Buḋ í so bean Doinn ⁊ ṡíl sí gur ḃ’é a fear féin a ḃí aici. Ḃí iongantas air Ḋuḃ, ar n-dóiċe, aċt níor leig sé dadaiḋ air. Ní luaiṫe d’eiriġ an lá lá-air-na-máraċ na d’eiriġ Duḃ ⁊ air aṁarc amaċ air an ḟuinneoig dó, cad é ċiḋfeaḋ sé aċt an gearrḟiaḋ buḋ bréaġṫa d’ar ṡoillsiġ grian nó gealaċ ariaṁ air. Ḃí fleasg óir i g-cúl a ċinn ⁊ fleasg airgid i g-clár a eudain.

Le ḃeit leanṫa.

[ 246 ]

díorfaċ, a wretched person.
ribíneaċ, hairy.
ndeas, neas, near.