Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 1/Eachtra ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar Mhnaoi Bhearcháin

Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 1 by Seosamh Laoide
Eachtra ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar Mhnaoi Bhearcháin
[ 10 ]

EAĊTRA AR ḞIONN MAC CUṀAILL AGUS AR ṀNAOI ḂEARĊÁIN.

’Nuair a ḃí Fionn MacCuṁaill ag dul in aois,[1] do airiġ[2] sé é féin ḃeiṫ ag dul i luige,[1] ⁊ duḃairt sé lá de na laoṫantaiḃ go raiḃ a ċloiḋeaṁ ró-ṫrom dó le h-iomċar, agus gur ḃ’éigean dó rud éigin do ḃaint de. Beagán de laoṫantaiḃ ’n-a ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ sé ag triall ar[3] ġoḃa ḃí ’n-a ċoṁnuiḋe i ngar do darḃ’ ainm Bearċán ⁊ aduḃairt sé:—

“A Ḃearċáin, tá mo ċloiḋeaṁ ró-ṫrom dam anois, ⁊ buḋ ṁaiṫ liom go dtógfá beagán de, no go ndéanfá ḋá ċloiḋeaṁ de ḋam; mar ní ’lim, do réir nádúire, ċoṁ láidir a’s do ḃíos fiċe bliaḋain ó ṡoin.”

“Déanfad go deiṁin,” arsa Bearċán, “aċt go ’neosfaiḋ tú sgeul dam an ḟaid do ḃeiḋead ḋ’á ḋéanaṁ.”

“’Neosfad,” arsa Fionn, “Ar ċoinġíoll naċ beiḋ aon ḃean ag éisteaċt liom.”

“Tá go maiṫ,” arsa Bearċán, “Ní ḃeiḋ, geallaim duit.”

[ 11 ]’Nuair a ċuaiḋ Bearċán a ḃaile i gcoṁair na h-oiḋċe do innis sé d’a ṁnaoi go raiḃ sé lá ar n-a ṁáireaċ ċum ḋá ċloiḋeaṁ do ḋéanaṁ do Ḟionn Mac Cuṁaill, ⁊ go raiḃ Fionn Mac Cuṁaill ċum sgeul do innsint do ar feaḋ na tréiṁse sin, aċt go raiḃ sé do ualaċ[4] air féin gan aon ḃean ḃeiṫ ag éisdeaċt leis an sgeul, “a’s ná tair-se in aice na h-áite,” ar seision, “mar dá ḃfeicfeaḋ Fionn Mac Cuṁaill ṫú do stadfaḋ sé, ⁊ ní ċloisfinn níos mó de’n sgeul uaiḋ.”

“Geallaim duit naċ raġad,”[5] ars an ḃean.

An lá ’n-a ḋiaiḋ sin do ġlaoḋaiġ Bearċán ar a ḃuaċaill, ⁊ aduḃairt sé, “A ḃuaċaill is feárr do ḃí ag duine boċt riaṁ, éiriġ, ⁊ bain beart luaċra ⁊ taḃair ċum na ceárdċan é, ċum go sínfiḋ Fionn Mac Cuṁaill air, an ḟaid do ḃeiḋ sé ag innsint sgéil ḋaṁsa.”

Do ċuaiḋ buaċaill Ḃearċáin ag iarraiḋ na luaċra, ⁊ do lean an ḃean é.

“A ḃuaċaill,” ar sí, “tiuḃraiḋ mé díoluiġeaċt ṁaiṫ ḋuit má ċuireann tú mise isteaċ ’sa ḃeart luaċra, ⁊ mé ṫaḃairt ċum na ceárdċan, ⁊ gan aon niḋ do leigint ort mar ġeall ormsa.”

“Go deiṁin ní ḋéanfad,” ars an buaċaill, “mar do ṁaireoḃaḋ mo ṁáiġistir mé, no ní ḃeiḋeaḋ aon ionntaoiḃ[6] aige asam ċoiḋċe arís.”

“Ní ḃeiḋ fios aige,” ar sise, “ar cad do rinnis, mar fanfad-sa istiġ ’sa luaċair go n-imṫeoġaiḋ sé féin ⁊ Fionn amaċ as an gceárdċain ⁊ ní ḟeicfid siad mé in aon ċor, ⁊ ní ḃeiḋ fios aca go raḃas ag éisteaċt leo.”

“Má ḋeineann tú sin,” ars an buaċaill, “cuirfiḋ mé ṫu ins an ḃeart.”

Do ṡín sí ’sa ḃeart, ⁊ do ċuir an buaċaill an luaċair móir-ṫimċioll uirrṫe, ⁊ do ṫug ar a ḋrom í féin ⁊ an ḃeart gur ṡroiċ sé an ċeárdċain, ⁊ do ċaiṫ sé an ḃeart de ’sa ċúinne.

Buḋ ġeárr ’na ḋiaiḋ sin go dtáinig Fionn Mac Cuṁaill isteaċ, ⁊ do ṡín sé ar an ḃeart.

“Cad é an sgeul,” ar sé, “a ’neosaiḋ mé ḋuit, a Ḃearċáin?”

“Buḋ ṁaiṫ liom a ċloistint uait,” arsa Bearċán “cad iad an dá ġníoṁ do rinnis riaṁ is cruaiḋe do ċuaiḋ ort.”

“’Neosad soin duit,” arsa Fionn Mac Cuṁaill: “lá dá raḃas am’ aonar ag siuḃal le h-ais aḃann do ċonnac tiġ tamall geárr uaim ⁊ do ṫriallas faoi n-a ḋéin. ’Nuair do ċuaḋas isteaċ do ċonnac an gaisgiḋeaċ is mó d’á ḃfeaca riaṁ ’n-a ṡuiḋe cois na teineaḋ, ⁊ iasg in aice leis ar na sméaróidíḃ.

‘Cia h-é ṫusa?’ ar seision.

‘Is mise Fionn Mac Cuṁaill,’ arsa mise.

‘Is tu go deiṁin an fear do ṫeasduiġ uaim,’ ars an gaisgiḋeaċ.

‘Seo bradán,’ ar seision, ‘agus do ḃíos d’á ḟaire le sé lá ⁊ sé oiḋċe ċum é ṁarḃaḋ. Sínfead sa anois ṫorm[7] go gcodólfad beagán, ⁊ taḃair-se aire do’n iasg go ndúiseoġad. Ná leig aon ċlog do ṫeaċt air, no má leigeann tú bainfead-sa do ċeann díot. Bí ḋ’á iompáil[8] ó ṫaoḃ go taoḃ i gcás naċ éireoġaiḋ aon ċlog air.’

Do ḃíos-sa go cúramaċ ag taḃairt aire do’n iasg, ⁊ faoi ċeann tréiṁse geárr’ do ċonnac clog mór ag éirġe ar ḋruim an ḃradáin. Do ṫáinig criṫeagla orm i dtaoiḃ an ḟógra fuaras, ⁊ do ċimileas m’órdóg go dlúṫ dian ar an ċlog, ċum naċ tiuḃraḋ an gaisgiḋeaċ faoi n’ aire é, ’nuair a éireoġaḋ sé, aċt do doġaḋ m’ órdóg féin[9] ċum an smior (smeara), ⁊ do ċuireas am’ ḃeul é, ⁊ níor luaiṫe do rinneas ’ná fuaras fios dá ḃfanfainn i ḃfeiḋil an éisg go maireoḃaḋ an gaisgiḋeaċ mé an uair a ḋúiseoġaḋ sé. Do ċuireas m’ órdóg faoim ġiall arís ċum fios ḟáġail cad dob’ ḟeárr ḋam a ḋéanaṁ, a’s do fuaras fios imṫeaċt as an áit ċum naċ béiḋeaḋ fios ag an ngaisgiḋeaċ cá raḃas, ⁊ ní ḟeaca riaṁ ó ṡoin é, ⁊ is mar sin do ṫárla ḋam féin [ 12 ]fios d’ḟáġail aon uair do ċogónfainn m’órdóg.

’Sé an tarna[10] guais is mó in a raḃas riaṁ ann, lá geiṁriḋ d’ar imṫiġeas liom ḟéin ó’n ċuid eile do’n Ḟéinn, ⁊ mé siuḃal trí ġleann, do ḃí sneaċta trom ar an talaṁ, ⁊ do ċonnac, sliġe ġeárr uaim, lorg gaisgiḋiġ ins an sneaċta. Do ċuaḋas ċuige ⁊ do ḃí iongnaḋ orm i dtaoiḃ a méid. Do cuireas cos liom[11] isteaċ ann, aċt níor líon sí an lorg. Do ċuireas mo ḋá ċois ann, ⁊ is ar éigin do líonadar é. Duḃart liom ḟéin naċ beinn sásda ċoiḋċe go ḃfaġainn raḋarc ar an ngaisgiḋeaċ mór. Do leanas rian a lorg ins an sneaċta go dtánag go boṫán ⁊ do ḃuaileas ag an ndorus. Do ċuir gaisgiḋeaċ mór a ċeann amaċ ⁊ aduḃairt.

“Cia h-é ṫusa, no cad do ṫug annso ṫú?”

‘Is mise Fionn Mac Cuṁaill,’ arsa mise, ‘agus do ċuir méad do lorg ins an sneaċta iongnaḋ mór orm, ⁊ ní ḃeinn sásda go dtiocfainn at’ ḟeiscint.’

‘Do ṫárla go maiṫ,’ ars an gaisgiḋeaċ, ‘mar táim teinn tuirseaċ ó ṡiuḃlóid ḟada do rinneas ag goid an ḃoláin ċíann tú marḃ annso ó ġaisgiḋeaċ buḋ ḋá ṁó ’ná mé féin,[12] ⁊ me ḟaġann sé amaċ cá ḃfuilim, gan aṁras maireoḃaiḋ sé mé. Imṫiġ-se ⁊ bain beart brosna go mbeireoḃmaoid ceaṫraṁ ḋe ḋúinn féin, mar tá ocras orm.’

‘Déanfad,’ arsa mise.

Do ġluaisiġeas[13] orm, ⁊ do rugas teud ⁊ tuaġ liom ⁊ do ḃaineas beart brosna ċoṁ mór ⁊ ab’ ḟéidir liom a ṫaḃairt ar mo ḋrom. ’Nuair a ṫánag ċum an tiġe, do ċaiṫeas i gcoinniḃ[14] an ḟala é, ⁊ do ḃaineas fuaim ⁊ foṫram as. Do ṫáinig an gaisgiḋeaċ mór ċum an doruis, ⁊ ’nuair a ḋ’ḟéaċ sé ar an ḃeart, aduḃairt sé le droiċ-ṁeas, ‘Cad é an fáṫ nár ṫugais níos mó ’ná sin leat?’

‘Níor ṫugas,’ arsa mise, ‘do ḃriġ go raiḃ deiṫneas orm.’

‘Beireoḃaiḋ sé bainne na gcaoraċ dúinn,’ ars an gaisġiḋeaċ.

‘Anois,’ ar seision, ‘suiḋ-se annso le h-ais na teineaḋ, ⁊ bí ag fáġail rod(a) éigin ollaṁ dúinn do íosfamaoid. Sínfead-sa annso ṫorm go fóil, ⁊ má ṫigeann aon tóir orrainn beir ar an ursul so atá ins an teine ⁊ sáṫaiġ an ceann dearg de i bpoll mo ṡróine, mar ní’l aon ċuma eile ar a ḃfeudfá mé ḋúiseaċt.’

Do ṡín an gaisgiḋeaċ ins an leabaiḋ, ⁊ ní fada ḃí sé ann ’nuair a ċuala-sa fuaim ṁór ċuġam, ⁊ do riṫeas ċum an doruis, ⁊ ní luaiṫe ḟosgaileas é ’ná do ṫainig isteaċ gaisgiḋeaċ buḋ ḋá ṁó ’ná é seo ḃí sínte ar an leabaiḋ. Níor leigeas-sa aon aimsir ṫorm, aċt do riṫeas ċum an ursuil, (⁊ do rugas air), ⁊ do ṡáiṫeas ċoṁ treun ⁊ dob’ ḟéidir liom é suas i bpoll ṡróine an ġaisgiḋiġ ḃí ’n-a ċodlaḋ; do ṫug an gaisgiḋeaċ léim as a leabaiḋ, ⁊ beirid an dá ḟear ṁór ar a ċéile. Ḃí drom duine ḋíoḃ i gcoinniḃ an ḟala ṫall, ⁊ drom an ḟir eile leis an ḃfala aḃus, ⁊ iad ag iarraiḋ a ċéile do leagaḋ. Faoi ḋeireaḋ do cuireaḋ an gaisgiḋeaċ ḃí ’n-a ċodlaḋ ar a ġlún, ⁊ do ṫáinig eagla ormsa go maireoḃfaiḋe é, ⁊ mé ḟéin le n-a ċois. Do rugas ar an tuaġ ⁊ do ċromas ar staiġriḋe do ḋéanaṁ suas a ḋrom. Do ġearras an ċeud staiġre ar ċolpa a ċoise, ⁊ an tarna staiġre ar a ṫóin, ⁊ do árduiġeas an tuaġ, ⁊ do ḃuaileas an gaisgiḋeaċ i bplaic a ṁuinéil, ⁊ do leanas d’á ḃualaḋ ar feaḋ tamaill ṁóir. Is geárr go raiḃ sruṫ fola ag riṫ leis an ngaisgiḋeaċ ⁊ go raiḃ sé dul i luige, ⁊ do ṫuit sé ar ġlún leis (ar ċeann d’a ġlúiniḃ). Do éiriġ sé arís, ⁊ do ḃuail sé mise suas i gcoinniḃ an taḋḃáin (taoḃáin.”)

Do éistiġ an ḃean leis an sgeul go foiġneaċ go dtí sin, ⁊ aduḃairt sí, “Míoċrom (míoċoṁṫrom?) ort! Cá n-a ṫaoḃ go ndeaġais[15] ar a ḋrom?”

Do ṗreab Fionn ’n-a ṡuiḋe ⁊ aduḃairt, “A Ḃearċáin, do rinnis feall orm; do ġeallais naċ béiḋeaḋ aon ḃean ag éisteaċt [ 13 ]liom an ḟaid do ḃeinn ag innsint an sgéil duit, ⁊ in’ ionad soin is aṁla do ċuiris do ḃean ins an luaċair ċum naċ feicfinnse í,” ⁊ do riṫ sé i ndiaiḋ Ḃearċáin. Do iarr Bearċán air a leaṫsgeul do ġaḃáil, ⁊ do ḋeiṁniġ sé ḋo naċ raiḃ ḟios aige féin a ḃean ḃeiṫ ’sa luaċair, ⁊ níor innis Fionn Mac Cuṁaill níos mó d’á sgeul dó ṫar a éis sin.

[ 13 ]

NOTES.

  1. 1.0 1.1   This idiom is frequently used in Munster. The corresponding phrases in Connanght and Ulster are ag éirġe aosta, ag éirġe lag, ag fás lga.
  2.   In Leaṫ-Cuinn, moṫuiġ is more usual.
  3.   This phrase has become in Munster equivalent to a simple preposition in meaning = to, e.g. Thainig sé ag triall orm, he came to me, ċuireas ag triall air, I sent it to him.
  4.   Synonymous with d’ḟiaċaiḃ.
  5.   Munster form of raċad.
  6.   Ionntaoiḃ, confidence or trust. Muiniġin is rather confidence in the sense of hope.
  7.   I will now stretch (myself) by, cf. tá mé fliuċ ṫríom, lean díot, &c.
  8.   Iompáil = iompoḋ, turning.
  9.   Féin = even, here, and must be taken with what follows, and not with m’ordóg. Therefore the translation is “but my thumb was burnt even to the marrow,” cf. D’íosaḋ cat sleaṁain féin fadóg, a sleek cat would eat even a taper (Proverbs in next No.), and níor ḟágadar féin fiú an ġarraiḋe, they did not leave even (féin) the potato patch (Gaelic Journal, vol. iii., No. 30, p. 83, and note on p. 84).
  10.   Tarna = dara. Darna is the form used in Connaught, Ulster and Scotland.
  11.   Cos liom my foot. So infra ar ġlún leis = ar a ġlún.
  12.   Who was twice as big as myself.
  13.   For do ġluaiseas. So also do ġlaoḋaiġ (near the beginning) for do ġlaoḋ, do éistiġ (near the end) for d’éist.
  14.   I gcoinniḃ = i gcoinne. fala=balla.
  15.   Go ndeaġais = go ndeaċais. Foiġneaċ = foiġideaċ. Móir-ṫimċioll, all round about, round and round. In some parts of Munster this is pronounced móir-timċioll, and in others, móir-dtimċioll. The preposition i, in, appears to be omitted. If this be so, the phrase would literally signify “in a great circuit.”

I bplaic a ṁuinéil, in the soft part of his neck. I mbaic a ṁuinéil occurs in Siamsa an ġeiṁriḋ.

Peculiar verbal forms:—codólfad for coideolad, ċogónfainn for ċoigeonainn (codaileoġad, ċogaineoġainn are more often heard).

Do ċonnac, d’a ḃfeaca, ní ḟeaca, duḃart, go dtánag, ’nuair a ṫánag, ’nuair a ċuala-sa. In these instances we see the use of the old forms of the past tenses (1st sing. ) of irreg. verbs. These survive only in Munster, the later forms ċonnacas, dá ḃfacas, &c., being used elsewhere. Naċ throughout should rather have been spelt , as pronounced in Munster.

An Laoideaċ.