Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 5/An Craoibhín Aoibhinn

Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 5
An Craoibhín Aoibhinn
[ 77 ]

AN CRAOIḂÍN AOIḂINN cct.

An ċeud lá riaṁ casaḋ mé léiṫe
I lár mo ċléiḃe ċuaiḋ an ṗian,
Agus facas daṁsa ṫar mnáiḃ na h-Éireann
Gur ḃ’í mo spéirḃean mo ċuid ’s mo ṁian.

O ṫeaċt ’n-a láṫair tá m’ anam cráiḋte
Tá m’ aḃráin caillte, tá mé gan greann,
D’ḟág sí mo ċroiḋe-se mar ṡráid gan
táiṫiġe
Teampoll naċ dtagann poball ann.

Dá mbeiḋinn ’s mo ċeud-ṡearc ar lár an
t-sléiḃe
Gaoṫ o’n spéir ann, a’s sneaċta bán,
Go dtiuḃrainn dídion dom’ uan ó’n tsíon
Luaċ ní iarrfainn aċt póg aṁáin.

Tá an ḃean mar iasgaire le n-a líne
Ag gaḃáil na gcroiḋe bocṫ isteaċ ’na
bád,
Agus ḃeirim mo ṁallaċt amaċ óm’ anam
Do’n té naċ seaċnann cluainte mná.